Adonis Amigos

Agus ós ag caint ar TG4 muid, tugann an stáisiún an chraobh léi as an radharc is scáfaire riamh a chraoladh - Hector Ó hEochagáin…

Agus ós ag caint ar TG4 muid, tugann an stáisiún an chraobh léi as an radharc is scáfaire riamh a chraoladh - Hector Ó hEochagáin ag siúl thart i mbríste snámha agus é ar cuairt i Rio na Brasaíle in Amú Amigos oíche Dhomhnaigh.

Níorbh fhéidir an chanúint sainiúil sin dá chuid a thuigbheáil - Hectorais - agus é ag pléascadh leis ó Ghaeilge go Béarla go Spáinnis.

Níor ghá focail, ámh, agus Adonis Amigos beo romhainn gan air ach naipcín de bhríste snámha. (Tromluí a bhí ar an scríbhneoir seo an oíche chéanna go raibh sé i seomra nuachta an Irish Times agus gan air ach an rud céanna.) Ó, bhuel, ar a laghad, spáráil sé an bikini wax orainn. Go fóill beag ar aon nós.