Ag caint faoi chrainn

BEOCHEIST: TÉIM AMACH ar shiúlóid sa choill. Tá an nós seo á chleachtadh agam leis na blianta

BEOCHEIST:TÉIM AMACH ar shiúlóid sa choill. Tá an nós seo á chleachtadh agam leis na blianta. Éistim le ceol na n-éan, leis an ghaoth ag séideadh i nduilleoga na gcrann. Faighim sólás agus faoiseamh ó bhuarthaí an tsaoil.

Cén fáth go dtaitníonn an dúlra le duine?

Tá áilleacht ann.

Tá áilleacht le feiceáil sna héin, sna hainmhithe agus sna crainn.

READ MORE

Tá áilleacht le cloisteáil i gcantain na n-éan agus i nglór na gaoithe. Tugann an méid sin is uile suaimhneas dúinn, mar is minic nach mbíonn mórán áilleachta ag baint le gnáthshaol an duine.

Nuair a théimse isteach sa choill, tagann athrú ar mo chuid smaointe, toisc nach mbaineann an dúlra le saol an duine le fírinne.

Is saol ann féin é an dúlra a bhfuil aithne againn air, saol a bhfuilimid páirteach ann ar bhealach, ach amháin ar bhealach, ní go hiomlán.

Mar tá saol againn féin, saol an duine a bhfuilimid sáite ann an chuid is mó den am: obair; pósadh; breith agus bás; gnó agus polaitíocht.

Cuireann siúlóid sa choill in iúl dom go bhfuil saol eile ann seachas an saol s’againne, go bhfuil brí éigin eile leis an saol, b’fhéidir, ná an bhrí a thugann an duine air.

Saol parailéalach don saol s’againne is ea an dúlra. Ní féidir an dúlra a mhíniú i dtéarmaí saol an duine.

Féach ar an nead sin ag éan áirithe istigh i gcrann áirithe, agus i gcionn cúpla seachtain beidh na héanáin ag eitilt agus tréigfear an nead.

Tá saol an dúlra ar siúl gach lá agus níl gaol ar bith aige leis na rudaí a bhíonn ar siúl i saol na ndaoine.

Sin an fáth go dtagaim ar ais ón gcoill agus saghas áthais orm. Ar feadh tamaill áirithe, bhí mé i saol eile.

Tá saol an dúlra “ar chúl an tí”, gar do shaol an duine, cé go bhfuil deighilt eatarthu.

Léitear sa traidisiún liteartha arís agus arís eile go bhfuil trua ag an nádúr do chás an duine: nach bhfuil na héin ag canadh toisc go bhfuil briseadh croí ar an bhfile, nó go bhfuil duine éigin marbh, nó gur cloíodh arm i gcath.

Ach ní mar sin atá. Is cuma leis an dúlra faoi shaol an duine. Is amhlaidh go bhfuil rún eile ag an dúlra, rún nach ndeineann tagairt don duine.

Is cuma má théann tú isteach sa choill agus brón an domhain ort faoi rud éigin i do shaol, beidh na héin ag cantain go meidhreach mar a bhí siad riamh.

Má tá áthas nó brón ar an duine, canann an lon dubh.

Tar éis an chatha agus na mílte marbh, bíonn na lonta dubha ag canadh.

Agus ar an dtaobh eile, is cuma leis an duine an saghas tubaiste a tharlaíonn gach lá sa dúlra: nead á thréigean, éanáin ag fáil bháis, iad á gcloí ag ainmhí creiche, ainmhithe eile traochta leis an ocras sa gheimhreadh.

Níl an duine ag brath ar an dúlra mar a bhí tráth.

Ach bíonn dúil sa duine go fóill, uaireanta, gaol a bheith aige leis an dúlra.

Téann an dúlra i bhfeidhm ar an duine. Sin an fáth, is dócha, go bhfuil éaneolaithe ann, iascairí agus sealgairí.

Sin an fáth, freisin, go bhfuil filíocht an dúlra ann le fada. Tá filí na Gaeilge ag trácht ar an dúlra – ar cheol an loin duibh, cuir i gcás – ó thús na Meánaoise i leith.

Bhíodh filí gach teanga ag trácht i gcónaí riamh ar shaol an dúlra, go minic faoin bhfile féin ag spaisteoireacht ina n-aonar sa choill nó faoin dtuaith agus an méid a chonaic sé agus a chuala sé.

Uaireanta bhíodh brón air, uaireanta áthas. Ach théadh sé amach sa choill agus thráchtadh sé ar a aistear.

Ní fíor sin a thuilleadh. Ní scríobhann na filí faoin dúlra sa lá atá inniu ann don gcuid is mó. Bíonn siad gafa le smaointe eile.

Tá sé ráite ag Brecht: “Cén saghas linne atá ann inniu, agus beagnach coir ann duine bheith ag caint faoi chrainn, toisc go bhfuil sé ina thost dá bharr faoin oiread sin éagóra?”

Ach díreach sa lá atá inniu ann, tá brí nua faighte ag an dúlra: an comhshaol nádúrtha atá faoi bhagairt ag an dtruailliú tionscalaíochta agus athrú na haeráide.

Tá pathos áirithe ag baint leis an dúlra anois, toisc go bhfuil sé i mbaol, go bhfuil sé básmhar.

B’fhéidir nach mbeidh an dúlra ann a thuilleadh do na glúnta atá le teacht, muna bhfuilimid sásta é a shábháil, troid ar a shon.

Bhíodh an dúlra taobh amuigh de chúrsaí polaitíochta; théadh duine go dtí an choill chun dearmad a dhéanamh ar a leithéid.

Anois tá an dúlra i lár na polaitíochta.

Caithfear bheith ag caint faoi chrainn athuair.