Ag ceilt na haoisein Éirinn álainn

Beocheist: Níl ort ach an teilifís a chasadh air nó iris a oscailt nó go léifidh tú faoi gach uile íocshláinte agus purgóid …

Beocheist: Níl ort ach an teilifís a chasadh air nó iris a oscailt nó go léifidh tú faoi gach uile íocshláinte agus purgóid a chuirfeas bláth na hóige ar an seanéadan crosach. Feicfidh tú fógraíocht éigin ag fógairt duit faoi uachtar míorúilteach a chuireann stop le roic i d'éadan nó táirgeadh draíochta nach ligeann do phlaitín leathnú ar do chloigeann.

An bhfuil an tír nua-aoiseach seo ciaptha de shíor ag iarraidh cosc a chur lena bhfuil i ndán dúinn ar fad - an aois? An bhfuil muintir na tíre seo den bharúil nach bhfuil rompu amach anseo ach saol leadránach tar éis dóibh na 30í a bhaint amach? Tá go deimhin.

Tá i bhfad níos mó i ndán dúinn ná an seanphinsean. Táthar ag rá sa lá atá inniu ann go bhfuil duine i mbláth a mhaitheasa agus iad 50 bliain d'aois.

Níl ort ach súil a chaitheamh ar na meáin go dtuigfidh tú é seo. Is iad na réaltaí is cumhachtaí agus is áille ná daoine galánta atá anonn sna blianta.

READ MORE

Tóg, mar shampla, Madonna. Seo bean a bhíonn i mbarr na gcairteanna seasta agus í 48 bliain d'aois. Shílfeá ó bheith ag breathnú ar an Material Girl ag casadh a hamhráin is déanaí agus í ag léim thart agus ag damhsa ina brístíní beaga gur gearrchaile a bhí inti.

Nó céard mar gheall ar Harrison Ford? Tá Ford 64 bliain d'aois agus ba é réalta na scannán Indiana Jones é. Faoi láthair, tá sé mór le Calista Flockhart, aisteoir eile óg dathúil. Arís bheadh aon duine ag ceapadh gur gearrbhodach a bhí ann ó bheith ag breathnú air, agus é níos dathúla ná leithéidí David Beckham nó Ben Affleck!

Nó ar smaoinigh sibh ar Arnold Schwarzenegger? Tá Schwarzenegger ar an saol seo le trí scór bliain. Is iad na scannáin Terminator a rinne duine clúiteach de. Ábhar iontais é fios bheith agat ná go bhfuil lámh ag Schwarzenegger i gcúrsaí polaitíochta agus toghadh é ina ghobharnóir i gCalifornia sna blianta deireanacha seo.

Go hámharach, tá scáil shaolta Hollywood le feiceáil in íomhá ghnáthdhaoine na hÉireann. Is iomaí fáth atá leis seo.

Tá athrú ollmhór tar éis teacht ar shaol mhuintir na tíre seo. Is iomaí difríocht atá ann anois idir an ghlúin mheánaosta 2007 agus an ghlúin chéanna mhair sna 1960í.

Ar an gcéad dul síos, tá daoine ag maireachtáil i bhfad níos faide ná riamh. Ní théann an gnáth-Éireannach i dtalamh go dtí go mbíonn siad 78 bliain d'aois ar an meán.

Is de bharr an saol bheith níos saibhre is níos folláine an chúis atá leis seo. Tá an óige á caomhnú; déanann daoine iarracht a gcuma shlachtmhar óg a choinneáil agus cuireann siad spéis sa tsláinte agus sa mbreáthacht. Tá na céadta giomnáisiam tar éis oscailt i ngach uile chearn den tír seo agus tá uimhreacha ballraíochta ag ardú le blianta beaga anuas.

Tá spéis faoi leith curtha againn i bhfaisean. Caitear na milliúin euro go bliantúil ar na héadaí is galánta a mbíonn lipéad dearthóra chlúitigh leo. Níl aon fhaitíos ar mhná barr slacht a chur ar a ndathúlacht le feirmeacha sláinte is salóin.

Níl aon drogall ar an phobal fiú dul thar lear le hobráidí plaisteacha a bhaint amach. Is iad cuid de na hobráidí is coitianta i measc mhuintir na hÉireann na botox, méadú cíoch is athdhéanamh srón.

(Nach deacair dul thar an seanfhocal: "Is minic a rinne bromaichín giobalach capaillín cumasach.")

Ní amháin sin ach tá i bhfad níos mó saoirse agus neamhspleáchais ag baint le bheith i do thuismitheoir. Níl daoine chomh ceangailte agus nasctha le hionad an teaghlaigh a thuilleadh.

Ar ndóigh, má bhíonn níos mó airgid agus saoirse ag duine, tá sé soiléir nach gcuirfidh an aois isteach orthu mar a chuirfeadh sé as do dhuine nach bhfuil an acmhainn sin aige.