Ag fanacht le votail

Beocheist :  Ná bac le Beckett, tá dráma polaitíochta den scoth ar siúl ar stáitse na Fraince

Beocheist:  Ná bac le Beckett, tá dráma polaitíochta den scoth ar siúl ar stáitse na Fraince. Tá seanchleachtadh ag na haisteoirí agus tuigeann siad go rí-mhaith conas mórtas a dhéanamh - ní nach ionadh ós polaiteoirí iad. Agus is iomaí cor i bplota na huachtaránachta.

Tá an teannas ag méadú le géarchéim i ndiaidh géarchéime. Cheapfá ar uairibh go raibh an tír chun titim as a chéile ach is ann fós di in ainneoin círéibeacha an Fhómhair seo caite agus agóidí i gcoinne an CPE.

Anois seo chugainn scannal Clearstream ina bhfuil beirt de na príomhiomaitheoirí san olltoghchán sáite: Sarkosy ag maíomh nach bhfuil ann ach feachtas clúmhillte agus an fear an d'ordaigh an t-iniúchadh, Villepin.

Is é clú Villepin atá millte, i ndáiríre, agus é ar chlúdach gach nuachtán anseo, cuma chráite air agus é ag séanadh chúiseamh Sarkosy agus na meán.

READ MORE

Tabharfaimid sracfhéachaint ar na príomhcharachtair. Ag seasamh don status quo, tá Jacques Chirac, an seanfhondúir. Chaith Chirac tamall san ospidéal mí Mheán Fómhair seo caite agus shílfeá ó chaint na meán go raibh sé ar shlí na fírinne (nó na mbréag?) cheana féin. Go polaitiúil, tá Chirac mort. Tá sé ag gabháil den bpolaitíocht leis na cianta agus anois tá muintir na Fraince bréan de agus iad réidh leis an seanfhear a dhíbirt ón Champs Elysées.

Is é Dominique de Villepin protegé Chirac le blianta ach níl an comharba cinnte seo chomh cinnte is a bhíodh. Fiú roimh ruaille buaille Clearstream, deineadh dochar díobhálach dó le linn chonspóid an CPE áit ar léiríodh an scoilt mhillteanach idir é agus toil mhuintir na Fraince.

Is iomaí polaiteoir a mhaíonn gur duine den gcosmhuintir é agus mar go dteastaíonn ó vótóirí go mbeadh duine cosúil leo ag déanamh ionadaíochta ar a son. I gcás Villepin, tá sé rí-shoiléir nach 'gnáthdhuine' é. Thosnaigh sé amach mar thaidhleoir agus ba trí ardú céime a fuair sé postanna sa rialtas - níor toghadh riamh é.

Ach ní hé nach bhfuil sé sach cáilithe mar chuaigh sé trí chóras an Ecole Nationale Administration amhail Chirac is formhór suntasach de pholaiteoirí na Fraince. Lasmuigh den pholaitíocht, is file é agus cúpla leabhar foilsithe aige. Muna leor sin len é a scarúint ón gcosmhuintir, is mainicíní iad a iníon agus a mhac!

Ag fanacht sna cliatháin tá namhaid Villepin - Nicholas Sarkozy - agus é ag sleamhnú isteach ón eite dheis. Ní dheachaigh an fear seo go dtí na scoileanna mór-le-rá. Ní raibh sé saibhir. Theip air i scrúduithe agus theip ar a chéad phósadh.

Is duine daonna, gníomhach, fuinniúil é Sarko, dar lena lucht tacaíochta. Tuigeann sé conas na meáin a láimhseáil, cé go ndeir daoine eile go mbaineann sé mí-úsáid astu. Cuireann sé béim ar shlándáil na Fraince ach ar chostas saoirse an duine, dar lena lucht cáinte. Ní gá ach an méadú atá tagtha ar gendarmes sna sráideanna len é seo a thabhairt faoi deara.

Éiríonn leis gach deis a thapú le híomhá dhearfach de féin a chur chun cinn agus bhí cosán réidh á shodar aige go dtí an Champs-Elysées. Anois is arís, áfach, bíonn dul amú air.

Thug sé racaille nó scroblach ar mhuintir na banlieu agus labhair sé faoi na háiteanna úd a "ghlanadh amach". Is léir go bhfuil tuairimí conspóideacha aige i leith na n-imirceach agus tá tacaíocht á fáil aige ó chórvótóirí an Front National, páirtí polaitíochta ciandheiseach atá thar a bheith coimeádach.

Cá bhfuil an dóchas anseo, a deir tú, agus cuma thragóid Shakespeareach ar an scéal: seanfhear caite Chirac, brionglódaí lagaithe Villepin agus an tosaí uaillmhianach, neamhscrupallach Sarkosy.

Ón eite chlé, isteach le Ségolene Royale ón bPáirtí Sóisialach. Bean ghalánta, stuama, oilte, sophistiquée - an í seo slánaitheoir na Fraince? Déanann na meáin í a adhradh. Formhór na meán. Ar leagan Francach de Spitting Image, ní labhrann puipéad Segolene Royale riamh is cuma cé mhéad ceist a chuirtear uirthi, í suite go gleoite, ciúin. Is fíor go bhfuil a cuid polasaithe éiginnte uaireanta agus nach bhfuilid go léir ag teacht le polasaithe an Pháirtí Shóisialaigh.

Ach tá athrú ollhór ag teastáil go géar ó mhuintir na Fraince, níos géire, fiú, ná i 2002 nuair a d'éirigh le ceannaire an Front National, Jean-Marie Le Pen, dul ar aghaidh go dtí an dara babhta.

Cé a shroichfidh flaitheas na Champs Elysées? Nósfaidh an daonlathas. Ach go dtí olltoghcháin 2007, suígí síos is bain taithneamh as an dráma - agus é i bhfad níos sothuigthe ná Beckett pé scéal é...