Ag treisiu an naisc idir Eirinn agus Albain

B'ionann an Aoine seo caite agus Lá Fhéile Colm Cille

B'ionann an Aoine seo caite agus Lá Fhéile Colm Cille. Ní hiontas, mar sin, gur shocraigh an t-eagras Colmcille (Iomairt Cholm Cille, mar a bhí) plean nua straitéiseach agus réimse imeachtaí a sheoladh i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, an lá sin.

Bhunaigh rialtais na hÉireann agus na Breataine Colmcille sa bhliain 1997 agus é mar chuspóir ag an eagras "pobal bríomhar idirghníomhach Gaelach a chruthú idir Éirinn agus Albain". Chuige sin, reáchtálann siad imeachtaí do dhaoine óga, ceardlanna scríbhneoireachta, ócáidí ceoil agus turais staidéir idir an dá thír.

Dúirt príomhfheidhmeannach Cholmcille, Deirdre Nic an tSionnaigh, go raibh sé "an-oiriúnach bheith i nGleann Cholm Cille ag lainseáil straitéis úr chun na nascanna idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban a atógáil.

"Ar bhuaicphointí na straitéise seo, tá Féile Cholm Cille, tograí agus ócáidí ar nós comórtas grianghrafadóireachta, Saol na nGael, a mheallfaidh, tá súil againn, tuilleadh Éireannach agus Albanach chun spéis a chur ina gcomhoidhreacht Ghaelach agus beart a dhéanamh chun an teanga a nascann muid a fhoghlaim nó chun máistreacht a fháil uirthi."

READ MORE

Ba é an chéad uair don ghrúpa Féile Cholm Cille a reáchtáil agus rún acu í bheith ar siúl ar bhonn bliantúil as seo amach - bliain amháin in Éirinn agus bliain eile in Albain.

Dúirt cathaoirleach Cholmcille, Risteárd Mac Gabhann, go raibh "obair fhiúntach" ar siúl ag an eagras agus sin le foireann an-bheag.

Ba é Colmcille ceann de na tograí is mó a bhí ag iarraidh caidreamh idir Éirinn agus Albain a dhaingniú: "Creidim sa rud." Thug siad faoi athstruchtúrú i ndiaidh gur ceapadh Nic an tSionnaigh ina príomhfheidhmeannach. Lena chois sin, thug na maoinitheoirí le fios go mbeadh cur chuige nua de dhíth orthu.

Ar na tosaíochtaí nua straitéiseacha, tá tograí nua cumarsáide agus imeachtaí a chur i bhfeidhm; cur le feiceálacht an eagrais agus foinsí nua maoinithe a aimsiú. Ach sin a dhéanamh go héifeachtach, tá Colmcille den bharúil go n-aimseoidh siad a bpríomhspriocanna, is é sin, an Ghaeilge agus an Ghàidhlig a chur chun cinn agus cur le heolas phobal na hÉireann agus na hAlban ar a gcomhchultúr Gaelach.

Mar chuid dá gclár imeachtaí, beidh Colmcille ag reáchtáil ceardlainne sa scríbhneoireacht chruthaitheach do lucht na Gaeilge agus na Gàidhlig idir an Luan 14ú agus an Aoine 18ú Lúnasa ar oileán Ìle na hAlban.

Is iad na filí Aonghus Dubh Mac Neacaill agus Paddy Bush a bheidh i mbun na hoibre agus an ócáid dírithe ar scríbhneoirí nua agus ar scríbhneoirí seanbhunaithe. Tá scoláireachtaí ar fáil a ghlanfaidh táillí an chúrsa agus cuid de na costaisí taistil agus lóistín. Eolas: www.colmcille.net