Amanathar!

CROBHINGNE: Ní hé an lá amárach, lá an toghcháin, is tábhachtaí dá lán, ach amanathar, an lá ina dhiaidh sin...

CROBHINGNE:Ní hé an lá amárach, lá an toghcháin, is tábhachtaí dá lán, ach amanathar, an lá ina dhiaidh sin...

Ní dhéanfar ach na vótaí a chaitheamh amárach, ach déanfar iad a chomhaireamh Dé Sathairn. Tharlódh nach ionann an dá rud. Cé a chreideann anois, dá mba rud é gur scaoileadh leis an vótáil leictreonach nach ndéanfaí caimiléireacht ar na torthaí?

Más féidir an oiread sin airgid a dhéanamh ar chúpla capall, bí cinnte de gur féidir cúpla vóta a chur i bpóca cúil an bhríste le casadh caol cnaipe. Cá bhfios, b’fhéidir nár chaill Nóra Owen riamh “a suíochán” dá n-inseofaí an fhírinne?

Is ar an Satharn, áfach, a bheidh an gabhar á róstadh. Sin é an lá go suíonn cuid againn síos – na cloigne toghcháin – buidéal fíona i láimh amháin, bileog na ndáilcheantar sa láimh eile, agus málaí sceallóg idir eatarthu, fad is atá na torthaí á scaoileadh chugainn isteach.

READ MORE

Tá an chaint fhada thart, na pubaill bainte anuas, agus an eachra ag dul abhaile. Tarraingítear anuas na dallóga, múchtar na teileafóin, cuirtear an madra amach, fágtar na lucha ag creimeadh sa chúinne agus ligtear don chluiche fada tosnú. Tá an toradh ar eolas againn, a bheag nó a mhór, agus níl uainn ach an scór.

Is cosúla le geamaireacht nó le sorcas é. Abraimis sorcas mar is mó sin ainmhí a nochtfar chugainn i rith an lae. Beidh an mhuc i mála againn, gan amhras, bíodh nach bhfeicfear í go lánléir go ceann tamaill.

Beidh daoine eile ar muin na muice, agus ní shamhlófar salach mar bhall í. Beidh an moncaí práis ag caint go fiata, leis, cé go mbeidh muineál aige chomh ramhar leis an lao biata. Ainmhí amháin nach gcloisfear giob uaidh is ea an tíogar ceilteach, fág go mbeidh tíogair pháipéir ag cluichearacht go healaíonta suas is síos. Dar fia! Ach beidh eilifint sa seomra, leis. An té a d’éireodh le fáinne na fuiseoige nó le giolcadh an ghealbhain, ar éigean go dtabharfadh duine ar bith faoi deara í.

Fad is a bheidh cleas na lúb ar siúl ag gach polaiteoir dá dtagann, agus sinne ag stánadh orthu mar a ghliúcfadh gé ar bhuidéal, beidh an eilifint fós ann ag gáire fúinn faoi fhiacla fuara.

Níl a fhios ag aon duine cé hí féin, mar sin é dúchas na heilifinte. Dá mbeadh deora crogaill féin á sileadh aici, nó ag siúl go maorga is go péacógach inár measc, ní leomhfaí í a lua. Is é cuid Mhic Craith den fhia a alpann an eilifint ach táimidne sásta gur fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.

Fiú más cloigeann circe atá ar mhórán daoine – rud a fhíorófar i ndeireadh an lae (deireadh an lae go litriúil) – ní bheidh siad sásta a admháil go bhfuil broc déanta den chóras acu go ceann roinnt mhíonna. Ní thiocfaidh an cat mara ar cuaird chucu láithreach bonn baill, dar leo, mar gealladh cat is dhá eireaball dóibh ó thaobh na dtaobhanna.

Níl aon duine sásta a admháil gur dhein an eilifint sa seomra an chearc a dhíol lá na báistí. Ní déarfadh an maidrín lathaí is dílse de chuid na bpáirtithe thuas gurb iad pitseámaí an chait atá á gcaitheamh againn. Pé ní é, beidh deireadh feasta leis an moncaíocht timpeall agus ní athróidh conairt Ifrinn an toradh, pé ní mar gheall ar coup d’etat. Ar nós an tsorcais féin beidh cú na gcleas go gníomhach le gach saghas gleacaíochta. Titfidh daoine áirithe den chapall ard agus déarfaidh madraí an bhaile go raibh a fhios acu an t-am ar fad. Sciorrfaidh éan as gach ealta agus níos minicí ná a chéile, beidh an ceart acu.

Uair éigin um ardthráthnóna beidh taillí hó na bhfear taillí ag dul ar gcúl agus beidh cuid acu chomh ciúin le luch. Beidh buidéal eile á oscailt agus tart ar chuileoga na bhfallaí. Aithneoidh ciaróga ciaróga eile, ach beidh sciatháin leathair sna cloigthithe ag dul ar mire.

Beidh dornán vótaí fós á gcomhaireamh sna háiteanna sin is mó a bhfuil troid coileach go deireadh. Caoinfear le cumha na vótaí baotha sin a d’éalaigh is a scaipeadh ar nós clúmh na n-ealtan mara a shéid an ghaoth. Um an tráth seo den oíche beidh an chuma ar dhaoine gur tarraingíodh amach as béal na bó iad, agus beimid ag braistint chomh gránna le gabhal mhoncaí féin.

Agus ansin, tosnóidh an tochas cinn agus an tuiscint eala-bhog de réir a chéile. Ní bheidh fonn orainn giorria ar bith a chur ina shuí go dtí maidin amárach. Tuigfimid do na daoine a shíl nuair a bhí a lámh i mbéal an mhadra gur cheart í a tharraingt go réidh. Tuigfimid, leis, nach ndéanfaidh an saol capall rása d’asal choíche. Ach beidh an eilifint fós sa seomra, eilifint chleasbheartach na mbanc.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar