An Cadhnach ar RTÉ

Craolfaidh RTÉ 1 clár teilifíse sa tsraith, Arts Lives, darb ainm: Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail, Dé Máirt seo chugainn ag…

Craolfaidh RTÉ 1 clár teilifíse sa tsraith, Arts Lives, darb ainm: Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail, Dé Máirt seo chugainn ag 10.15pm le comóradh a dhéanamh ar shaolú an Chadhnaigh tá 100 bliain ó shin. Is clár nuadhéanta é agus beidh saineolaithe ar an Chadhnach ag caint ar a shaothar agus ar an tionchar a d'imir caint agus pobal Chonamara air.

Orthu sin a bheidh faoi agallamh ar an chlár, beidh na scríbhneoirí Joe Steve Ó Neachtain, Micheál Ó Conghaile, Gearóid Denvir, Cathal Ó Háinle agus an file Louis de Paor. Le cois an chláir nua, craolfaidh RTÉ 1 clár as an chartlann, There Goes Cré Na Cille: The Life of Máirtín Ó Cadhain seachtain ón Déardaoin ag 11.50pm. I nGaeilge atá an dá chlár agus fotheidil Bhéarla leo. Craolfaidh Sunday Playhouse ar Raidió 1 Cré na Cille mí na Samhna agus beidh sraith trí chlár raidió ar an Chadhnach ag tús mhí na Nollag ar an stáisiún céanna.

forbairt development - gréasán web - logainm placename

margaíocht marketing - sraith series - tacaíocht support