'An-imní' ar eagraíochtaí Gaeltachta faoina bhfuil i ndán

TÁ “IMNÍ MHÓR” ar eagraíochtaí Gaeltachta agus teanga faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge de bharr ghearradh siar i mbuiséad Roinn…

TÁ “IMNÍ MHÓR” ar eagraíochtaí Gaeltachta agus teanga faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge de bharr ghearradh siar i mbuiséad Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú éigeandála ag Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta in Óstán Bhaile Cláir na Gaillimhe aréir. Dúirt leaschathaoirleach an chomhlachais, Kathy Ní Ghoill, go raibh ar na comharchumainn “teacht le chéile agus oibriú le chéile” lena gcás a chur chun cinn ar na “cumhachtaí”.

Bheadh buiséad ann mí na Nollag agus bhí “gach uile rud san aer” faoi láthair.

Léirigh an comhlachas, a bhfuil 29 grúpa ó cheantair Ghaeltachta cláraithe leo, imní faoi réamh-mheastacháin Roinn an Airgeadais i gClár Caipitil an Rialtais, clár a ghearrfadh siar 80 faoin gcéad ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta, a chreid siad.

READ MORE

Dúirt cathaoirleach an chomhlachais, Gearóid Ó Brosnacháin, gur “buille tubaisteach” don Ghaeltacht a bheadh ann na ciorruithe a chur i bhfeidhm. Ní raibh “mórán céille” labhairt ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa chás go raibh deireadh “leis na hinstitiúidí Stáit agus pobail sa Ghaeltacht laistigh de chúig bliana – rud a bheidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na meastachán seo”.

Bhí 140 duine fostaithe go lánaimseartha ag eagrais an chomhlachais; 230 duine go páirtaimseartha; 100 duine ar scéimeanna fostaíochta agus bhí forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta lárnach dá gcuid oibre.

Bhí siad ag plé le coláistí samhraidh, seirbhísí farantóireachta, tograí turasóireachta agus láimhdeachas €10 milliún acu. Chuir siad seirbhísí agus áiseanna riachtanacha ar fáil d’óg agus d’aosta agus bhí ról tábhachtach acu i mbuanú na teanga, a dúirt sé. Mhol an chuideachta rún go gcuirfí maoiniú ar fáil do Roinn na Gaeltachta amach anseo ag an leibhéal céanna le 2010, is é sin, €105 milliún sa bhliain. Chreid an comhlachas go mbeadh an tsuim sin de dhíth le go mbeadh an Roinn, Údarás na Gaeltachta agus eagrais eile Ghaeltachta ábalta feidhmiú mar ba cheart.

Tagann caint an chomhlachais sna sála ar ráiteas ó bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine inar thug na comhaltaí le fios go raibh “an-imní” orthu faoina raibh i ndán don Údarás agus do Roinn na Gaeltachta.

Bhí “an éiginnteacht leanúnach” faoi chúrsaí maoinithe á mbuaireamh. Thrácht siad go sonraíoch fosta ar Chlár Athbhreithnnithe Caipitil an Rialtais a d’fhoilsigh Roinn an Airgeadais i mí Iúil na bliana seo, cáipéis a léirigh go raibh laghdú “substaintiúil le déanamh ar sholáthar caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ón €105 milliún atá ann i mbliana go dtí €86 milliún in 2011 agus 2012 faoi seach”. As an €86 milliún sa dá bhliain sin, bhí €70 milliún le dáileadh gach bliain ar thionscnaimh Chlár Leader – clár forbartha tuaithe – fud fad an Stáit agus ní sa Ghaeltacht amháin.

Bhí an bord den tuairim go mbeadh de thoradh air sin nach bhfágfaí ach “fuílleach de €16 milliún caipitil don Roinn féin agus na gníomhaireachtaí atá ag feidhmiú faoina coimirce, an tÚdarás san áireamh. Is fiú a choinneáil i gcuimhne sa chomhthéacs seo go bhfuil soláthar de €15 milliún caipitil ag an Údarás féin i mbliana”.

Mar sin de, sa chás go dtugann an Roinn €15 milliún don Údarás, ní bheadh fágtha acu féin ach €1 milliún dá gcuid cláracha oibre féin. Sa chás nach dtugann siad an tacaíocht chéanna, beidh gearradh siar i gceist ar thograí an Údaráis.

Bhí an bord ag iarraidh ar an Rialtas gníomhú ar an straitéis 20 bliain agus “soláthar dóthanach caipitil” do 2011 a cheadú dóibh le go mbeidh ar chumas an eagrais freastal “cóir cothrom” a dhéanamh ar chúrsaí fostaíochta, forbartha agus teanga sa Ghaeltacht.

Tá cúrsaí airgid ina n-ábhar imní ag Conradh na Gaeilge agus ag an bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, fosta. Dúirt ardrúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, gur léirigh “ráiteas láidir an Údaráis an scrios agus an baol atá i ndán don Údarás agus don Roinn má chuirtear moltaí na Roinne Airgeadais i bhfeidhm.

“Is cinnte go gcuireann sé leis an bpráinn chun dul i bhfeidhm ar ár bpolaiteoirí agus an géarghá do phobal na Gaeilge bheith gníomhach go polaitiúil sa chéad chúpla mí eile.”

Mar chuid den ghníomhú sin, dúirt sé go mbeadh Lá Eolais ag an eagras i gcomhpháirt le Guth na Gaeltachta, seachtain ón lá inniu in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, idir 8am agus 6pm le deis a thabhairt d’ionadaithe pobail, Theachtaí Dála agus Sheanadóirí ceist na teanga a chíoradh. Cuirfidh an dá eagras béim ar impleachtaí caiteachais don Ghaeltacht mar atá siad leagtha amach sa cháipéis ó Roinn an Airgeadais, Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúr 2010-2016. Labhróidh siad fosta ar ról na straitéise 20 bliain.

Bhí eagla ar lucht na Gaeilge i ndiaidh dóibh na tosaíochtaí infheistíochta a léamh, a dúirt de Spáinn; baineadh “geit” as daoine agus cuireadh “beaguchtach” orthu. Bhí “éiginnteacht mhór” anois ag baint leis an straitéis agus chreid sé go mbeadh deireadh leis an Údarás agus le Roinn na Gaeltachta faoi 2016 ach cloí le meastacháin Roinn an Airgeadais.

Dúirt urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais, go raibh gá le soiléiriú faoin am seo nó ní bheadh an Rialtas ábalta an straitéis a chur i bhfeidhm i gceart ar an airgead a bhí luaite sna tosaíochtaí. Thug an dá ghrúpa le fios go raibh titim ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta le tamall anuas; fuair an Roinn €149 milliún sa bhliain 2008; €133 milliún sa bhliain 2009 agus €105 milliún sa bhliain 2010.

Agus é ag tabhairt freagra ar bhord an Údaráis, dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, arú inné go raibh “comhrá oscailte fiúntach” aige leo ar na mallaibh agus gur i gcomhthéacs na straitéise a dhéanfaí socrú faoi struchtúr agus fheidhmeanna an eagrais. Bhí “dul chun cinn suntasach” déanta ar an dréacht deiridh den straitéis agus bhí súil aige an cháipéis a chur faoi bhráid Fhochoiste Gaeilge an Rialtais roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

Agus é ag caint leis an cholún seo as Bostún, dúirt cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, faoi ráiteas an Aire go raibh sé sásta go raibh “soiléiriú tugtha dúinn ar an phróiseas agus ar an amscála”.