An leagan Iaracach de chre na cille a scriobh

- Ní mé an ar Áit an Phuint nó na Cúig Déag atá mé curtha.- Faoi thalamh atá tú ar aon chaoi

- Ní mé an ar Áit an Phuint nó na Cúig Déag atá mé curtha.- Faoi thalamh atá tú ar aon chaoi.- Faoi thalamh?- Chaith siad isteach i bpoll thú.

- Dúirt mé leo an chónra ab fhearr tigh Thaidhg a fháil.

- Tá an t-ádh ort gur aimsigh siad do chnámha fiú.

- Cuir ar Áit an Phuint mé.

READ MORE

- Tá go leor istigh anseo anois nach bhfuil ach bráillín caite thart orthu.

- An chónra ab fhearr.

- Agus tá daoine eile ann nárbh fhiú an bráillín féin dóibh.

- Mharaigh siad mé.

- Shaor siad thú.

- Is ionann é.

- Ní raibh muid ag caint leatsa. Is comhrá príobháideach é seo.

- Tá mise i mo luí anseo oiread chéanna libh féin.

- Comhrá príobháideach é seo.

- Arú, tá mise i mo luí anseo le dosaen bliain gan chomrádaí ná chara.

- Labhair leat, más ea.

- Mharaigh siad mise an uair dheireanach.

- Conas?

- Tarracóir mór millteach a charn an gaineamh mar shliabh os mo cheann. Bádh mé - ar thalamh tirim.

- Mharaigh siad thú.

- Ní raibh mise ag iarraidh dul san arm. Saddam a thug orm.

- Mo ghrá é Saddam. Sin é an buachaill acu...

- Má bhuailtear Sasana, beidh an tír in ainriocht.

- A Chineál Thexas na Leathchluaise, is tú a d'fhág anseo mé leathchéad bliain roimh an am. Bhí an buille feille riamh féin i gcineál na Leathchluaise. Sceana, clocha, agus buidéil. Ní throidfeá mar a throidfeadh fear ach mé a shá...

- Scrios air mar Saddam. Thug sé mo bhás.

- Agus mise.

- Agus mise.

- C'ainm atá ar an leanbh sin?

- Cá bhfios? Níl labhairt aici.

- Saddam?

- Ní hé. Marines.

- Mharaigh siad í.

- Shaor siad í.

- Is ionann é.

- An beo nó marbh atá mé? An beo nó marbh atá siad seo? Cén chiall an chathaíocht seo i gcré na cille?

- Súil agam nach gcorraíonn siad mo chnámha.

- Cad chuige a gcorródh?

- Tá caint ar ola bheith sa chill seo.

- Ola?

- Tá muid saibhir.

- Tá muid marbh.

- Cén dath atá ar ola?

- Dubh.

- Ní fheicim ach dearg.

- An mbogfaidh siad muid?

- Nach cinnte go mbogfadh lena gcrúba a fháil ar ola?

- Shaor siad thú.

- Mharaigh siad mé.

- Ola! Ola! Tá muid saibhir.

- Ní bheidh lá ocrais orainn go deo.

- Dúirt tú é.

- An bhfaca duine ar bith ola thíos anseo?

- Ní fhaca ach gaineamh

- Agus créafóg...

- Agus ithir...

- Agus fuil...

- An chónra ab fhearr.

- Tá do chnámha féin agat. Is méanar duit.

- Crothnaím mo chnámha.

- Agus mo chraiceann.

- Tá muid saibhir.

- Níl a fhios agam ab é lá Fhéile Pádraig nó an lá ina dhiaidh sin a fuair mé bás.