Aontas nua pobail bunaithe ag eagrais na teanga

TUARASCÁIL: TÁ GRÚPA nua – Aontas Phobal na Gaeilge (APG) – le seimineár lae a reáchtáil i nGaillimh Meán Fómhair na bliana …

TUARASCÁIL:TÁ GRÚPA nua – Aontas Phobal na Gaeilge (APG) – le seimineár lae a reáchtáil i nGaillimh Meán Fómhair na bliana seo le moltaí pleanála teanga a réiteach do lucht rialtais thuaidh agus theas.

Is eagras nua-nasctha é APG a bhfuil na grúpaí Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ceangailte le chéile ann.

D’fhiafraigh an colún seo d’ardrúnaí Chonradh na Gaeilge agus duine de na heagraithe, Julian de Spáinn, cén gá a bhí le heagras eile Gaeilge? Dúirt sé go raibh na grúpaí seo “ag plé leis an bpobal go díreach ar bhonn náisiúnta” agus gur mheas siad go dtiocfadh leo feidhmiú ní b’fhearr le chéile.

“Aon siopa amháin” teanga do chách a bhí i gceist leis an atheagrú ina dtiocfadh leis na grúpaí cabhrú le chéile agus leis an phobal ar aon bhonn amháin. Bhí na cúig eagras ag obair cheana féin ar pholasaithe pleanála teanga – sa Mhí agus i gCill Dara ach go háirithe – agus ba é a mian “na húdaráis a thabhairt leo san obair” thuaidh agus theas. Bhí “an-dúshlán os ár gcomhar” ach bhí rún acu tabhairt faoi.

READ MORE

Dúirt sé gur ghá go mbeadh lucht na Gaeilge “pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile” le déanamh cinnte de go mbeadh ionchur comhtháithe, céillí, comhsheasmhach i bpróiseas pleanála teanga acu. Bhí sin an-tábhachtach agus athruithe “móra” ag teacht ar an chóras maoinithe san earnáil.

Is é is cuspóir leis an seimineár seans a thabhairt d’oibrithe deonacha agus gairmiúla na Gaeilge teacht le chéile agus beartais “fhiúntacha” a aontú. Déanfaidh siad plé ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa Stát agus cúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart.

Beidh ionadaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Fhoras na Gaeilge agus cainteoir neamhspleách ann le tuairim “neamhchlaonta a thabhairt ar na naisc agus na deiseanna féideartha don phobal in earnáil na Gaeilge”.

Beidh an ócáid ar siúl Dé hAoine 30ú Meán Fómhair in Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, ag 10am.

* Eolas: sine@cnag.ie