Ar talamh naofa BAC

Beocheist: Táimse díreach mar an gcéanna le Jim a chónaíonn thuas an bóthar uaim agus le Jerry a chónaíodh trasna an bhóthair…

Beocheist: Táimse díreach mar an gcéanna le Jim a chónaíonn thuas an bóthar uaim agus le Jerry a chónaíodh trasna an bhóthair agus a bhuaigh bonn uile-Éireann san iomáint le Jack Lynch fadó. Táim cosúil le Colm, gníomhaí uasal ar son na síochána, buailim leis go rialta ag léirsithe ar shráideanna Átha Cliath.

Is ceathrar sinn a chaith na blianta inár gcónaí san ardchathair cé nach raibh sé sin mar aidhm chomhfhiosach againn riamh. Ba trí thimpist a tharla sé, ceapaim. Déarfainn go bhfuil na céadta fiú na mílte sa riocht ceannann céanna anseo cois Life.

Arsa Jim liom lá i rith an tsamhraidh agus é ag gearradh toir os comhair an tí: "Conas ar tharla sé gur anseo a chríochnód mo shaol seachas i m'áit dhúchais féin? Is minic an cheist sin ag rith trí mo cheann." Ní raibh freagra ar bith agamsa dó agus ar aon nós ní fhaca mé ó shin é. Sin mar a bhíonn sna bruachbhailte.

Ní fhéadfainn bogadh as an chathair anois, mhothóinn uaim an éagsúlacht is an éiginnteacht chorraitheach. D'aireoinn uaim Sráid Uí Chonaill a bheidh trilseach álainn nuair a bhíonn an obair athchóirithe curtha i gcrích. Cheana féin is sráid do choisithe í seachas d'innill. Ach ag an am céanna is mór an trua é nach mbíonn na coisithe sin ábhairín níos gealgháirí. Meabhraítear dom an strus a bhíonn ar ghnáthdhaoine atá fós ag streachailt leis an saol agus atá, más fíor na tuairiscí, á mbrú faoi cois ag tromualach na bhfiach.

READ MORE

I láthair na huaire tá Ardoifig an Phoist clúdaithe agus faoi cheilt ag tarpóil is líonta troma fad is a bhíonn obair athmhaisithe ar siúl. Beidh an foirgneamh geal is soilseach don bparáid mhór atá beartaithe don Cháisc seo chugainn le hÉirí Amach 1916 a chomóradh. Nach mór an spórt atá romhainn, bímis ag faire ar dhreamanna polaitiúla éagsúla agus iad ag iarraidh úinéireacht a fháil ar an Éirí Amach. N'fheadar an ag amharc siar go hómósach ar laochra na Cásca a bheidh siad nó ag féachaint amach rompu ar olltoghcháin 2007 agus ar na bealaí éagsúla le vótaí an phobail a mhealladh chucu?

Siúlaim trí lár na cathrach go minic. Níl baol ar bith ag baint leis. An lá cheana bhuaileas le David Joyce atá ag obair leis an Irish Traveller Movement agus céim sa dlí bainte amach aige - rud nua ar fad do dhuine ón Lucht Siúil. É ar a bhealach chun lóin san Irish Film Centre - mise ag teacht amach as an ionad ealaíon sin - agus é gléasta i gcasóg mhór ghalánta. Bí ag caint ar fhaisean. An saol ag feabhsú agus de réir a chéile beidh an deis ag an Lucht Siúil tabhairt faoi ghairm ar bith, saolta nó eaglasta.

Ar mo thaisteal dom, buailim isteach i séipéil anois is arís. Daoine fós ag dul chuig faoistin, seandaoine is mó ach daoine óga leis. An dóigh leat gur córas síciatrach í an fhaoistin do dhaoine nach mbíonn an t-airgead acu le haghaidh táille síciatraí? Nár dhána an mhaise dúinn ár gcuid peacaí a charnadh ar ghuaillí na sagart leis na blianta fada anuas agus sinn ag glacadh leis gur charraig iad nach scoiltfeadh nó cruach nach gcúbfadh?

Trasna an bhóthair ó shéipéal amháin tá siopa gnéis. Lá amháin chonaiceas úinéir an tsiopa ina sheasamh ag an doras agus é ag caitheamh toitín. Greann áirithe is aimhréir sa radharc sin. Cén dochar, d'fhiafródh daoine áirithe, truailliú an tobac a chur leis an truailliú istigh? Lá amháin shiúlas thar cúig cinn de na siopaí sin ar "shráideanna naofa Átha Cliath".

Uaireanta agus mé ag siúl thar ceann de na tithe ina gcónaíonn lucht lorgtha tearmainn, ritheann an focal "amnesty" liom. Tá géarghá lena leithéid, bheadh sé ceart is cóir.

Nuair a chuas ar thóir "amnesty" sa bhfoclóir ní bhfuaireas ach "maithiúnas" agus "pardún", focail mhí-oiriúnacha ar fad sa chomhthéacs seo mar níl coir dá laghad déanta ag lucht lorgtha tearmainn.

Go deimhin tá sé de lán-cheart acu tearmann a lorg áit ar bith. Chuireas ceist ar na saineolaithe sa Choiste Téarmaíochta agus ar an gclár Leagan Cainte ar Raidi na Gaeltachta agus thugadarsan "tarscaoileadh" nó "waiver" dom agus "saorcheart lonnaíochta". Focail nua do shaol nua.

Scéalta tubaisteacha, cogadh, ocras, crith talún, stoirmeacha, ag fanacht liom ar an teilifís sa bhaile. Nach orainne atá an t-ádh abhus, compord is fómhar méith. Ach fiú má bhíonn an geimhreadh crua mar atá á thuar, tá leigheas ar an scéal sin leis. Cuimhnigh ar an bhean i ndeisceart na tíre a dhruid suas leis an tine, a cosa spréite amach.

"Á" ar sise, "Abradh an saol a rogha, is breá leis an gabhal an teas!"