Athruithe suntasacha molta sa Bhille nua Gaeltachta

DÉANFAR ATHRUITHE suntasacha ar chumhachtaí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus tabharfar critéir nua isteach maidir le …

DÉANFAR ATHRUITHE suntasacha ar chumhachtaí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus tabharfar critéir nua isteach maidir le sainiú limistéir Ghaeltachta má ghlactar le reachtaíocht radacach nua, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Faoin mBille Gaeltachta nua a foilsíodh inné, shocrófaí teorainneacha na Gaeltachta amach anseo bunaithe ar chritéir phleanála teanga nua agus tabharfar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta ar na ceantair Ghaeltachta thraidisiúnta.

Is ag Aire na Gaeltachta a bheadh an chumhacht sa deireadh stádas Gaeltachta a thabhairt nó a dhiúltú do na ceantair sin atá sa Ghaeltacht faoi láthair.

Tá an córas reachtúil pleanála teanga nua bunaithe ar mholtaí ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh i 2007 agus a thug le fios nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach 15-20 bliain muna ndéanfaí gníomh láidir chun í a thabhairt slán.

READ MORE

Dúirt duine d’údair an staidéir sin, Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, Gaillimh, gur “athrú treo suntasach” a bhí sa reachtaíocht nua.

Dúirt Mac Donnacha, áfach, go raibh gá le tuilleadh plé ar an an mBille sara n-achtófaí é: “An cheist mhór a bheadh agamsa ar an gcéad fhéachaint ná cén fáth go bhfuil ualach na hoibre pleanála á cur ar eagraíochtaí beaga áitiúla nuair atá trí cinn d’eagraíochtaí stáit ann – Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge – atá ag plé leis an bpleanáil teanga”.

Dúirt sé chomh maith gur cheart go bhfoilseofaí láithreach na critéir faoina roghnódh Údarás na Gaeltachta na heagraíochtaí a bheadh ag plé le hullmhú pleananna teanga.

Bhí gá freisin, a dúirt sé, le breis eolais faoi na hacmhainní a bheadh ar fáil do na heagraíochtaí seo chun na pleananna teanga a chur le chéile agus feidhm a thabhairt dóibh.

Chuirfeadh an reachtaíocht, a rachaidh os comhair an tSeanaid Déardaoin, deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta agus dhéanfadh sé líon na gcomhaltaí ar an mbord a laghdú ó 20 go 12 duine.

As seo amach is é an tAire Gaeltachta a cheapfadh seachtar de chomhaltaí Bhord an Údaráis agus d’ainmneodh na comhairlí contae sna contaetha Gaeltacha an cúigear eile. Ní bheadh ionadaíocht bhuan ar an mbord ag Gaeltachtaí Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.

Tá cáineadh láidir déanta ag iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an mBille nua. Bhí an an Bille “tubaisteach” . Bhí imní air “go mbrúfaí an reachtaíocht tríd an Oireachtas roimh shos an tSamhraidh gan aon díospóireacht cheart ar na laigí ann”.

Dúirt sé go raibh na critéir phleanála teanga faoina mbronnfaí stádas Gaeltachta “fíorlag agus rótheibí” agus nach raibh sé soiléir cé acu a bheadh bunús reachtúil ag na critéir sin nó nach mbeadh.

Dúirt Ó Cuív go raibh an córas ceapacháin nua do bhord an Údaráis “scannalach” agus go raibh “deireadh” le hÚdarás daonlathach.

Faoin reachtaíocht nua thabharfadh Aire na Gaeltachta tréimhse ama áirithe do cheantair Ghaeltachta chun plean teanga a chur le chéile agus critéir phleanála teanga áirithe a shásamh.

Is é Aire na Gaeltachta a leagfadh síos na critéir teanga seo a bheadh bunaithe, i measc rudaí eile, ar an líon den daonra sna ceantair éagsúla a labhraíonn Gaeilge.

Eagraíochtaí áitiúla a bheadh freagrach as cur le chéile na bpleananna teanga sna ceantair éagsúla agus bheadh tacaíocht ar fáil acu sa chúram seo ó Údarás na Gaeltachta.

Thabharfadh an Bille deis do cheantair lasmuigh den Ghaeltacht stádas a bhaint amach mar Líonraí Gaeltachta ach plean teanga a ullmhú agus critéir teanga áirithe a shásamh.

Lena chois sin, beidh deis ag bailte atá laistigh de na limistéir nua agus a chuireann seirbhísí tábhachtacha ar fáil stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, gur “reachtaíocht thábhachtach” a bhí sa Bhille “a chuirfeadh bunús reachtúil faoin phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfadh feidhm reachtúil d’Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht”.

Mí-abha

TÁ A fhios ag duine ar bith a bhfuil cat aige – bhí cat agam féin a raibh Marbles air lá den saol – nach leat an cat. Tagann an cat agus imíonn an cat de réir mar is mian leis é agus sa chás nach dtugann tú bia don chat, ní fada go ligfidh an cat mí-abha as.

Tháinig cuimhne mo chait féin chugat – leaba i measc na gcat go raibh aige – agus mé ag léamh dhá leabhar ghleoite ar an chat Francach, Máire Treasa: Cé a ghoid mo chuid bia? (Futa Fata, €5.95) agus Sin bronntanas seafóideach! (Futa Fata, €5.95).

Tá a fhios agam gur doiligh na focail “cat” agus “Francach” a chur le chéile in aon abairt amháin i nGaeilge ach cat as an Fhrainc atá i gceist agus beirt as an Fhrainc atá taobh thiar de na leabhair, Gérard Moncomble a scríobhann na scéalta agus Frédéric Pillot a mhaisíonn iad.

Is í Patricia Mac Eoin atá i ndiaidh na leaganacha Gaeilge a chur ar fáil agus – bíodh is nach bhfuil mórán Fraincise agam – is dóigh liom go bhfuil an-jab déanta aici buntréithe an chait Fhrancaigh, Máire Treasa, a thiontú go Gaeilge.

Cat millte sotalach í Máire Treasa. Níl sí le cur suas le seirbhís – nó bia – den dara grád. Ná smaoinigh má cheileann tú bia uirthi go rachaidh sí sa tóir ar lucha beaga, Mais non! I bhfad uaithi a leithéid.

Agus má tá le bronntanas a thabhairt di, déan cinnte de nach catpholl sa doras é an bronntanas céanna.

Ba cheart duit an doras ar fad a oscailt do Mháire Treasa, banríon na gcat.

Tá na scéalta scríofa go deas grámhar agus tá na léaráidí thar barr. Dírithe ar léitheoirí óga atá na leabhair agus cúpla ceist ag deireadh na dtéacsanna nach gcuirfidh – ahem – mí-abha-arbhall ar na páistí!

Mo cheol thú

IS FADA Gael Linn ag saothrú ghort an cheoil thraidisiúnta agus seo chugainn dlúthdhiosca úr, Aislingí Ceoil/Music of Dreams le Tony MacMahon, Noel Hill agus Iarla Ó Lionáird agus atheisiúint ar Mick Mulcahy agus Cairde ón lipéad.

Thiar sa bhliain 1993 a rinneadh taifead beo ar cheol MacMahon, Hill agus Uí Lionáird agus iad ag seinm i mBaile Átha Cliath.

Tá amhráin, poirt agus ríleanna le cluinstin agus casadh dá gcuid féin bainte ag an triúr astu.

An cairdín an rogha ghleas ceoil ag Mulcahy, fear Luimní, agus Joe Rynne (fidil), Mick O’Connor (giotár/bainseó) agus Mel Mercier (bodhrán) a choinníonn cuideachta leis sa chnuasach seo.

Cuireann an ceol céilí i gcoláiste samhraidh duit agus is doiligh gan suntas a thabhairt do theideal na bpíosaí: Devanny’s Goat; The Virginia Reel; Behind the Bush in the Garden.

Bí ag caint ar chumadóireacht. Raidht, leaids, bainimis ceol as!

athrú change – bronntanas present – córas change – daonlathach democratic – daonra population – deis opportunity – díospóireacht debate – greannmhar funny – láidir strong – láithreach immediately – plean plan – próiseas process – reachtaíocht legislation – stádas status – suntasach significant – staidéar study – tábhachtach important – teanga language – teorainn border – traidisiúnta traditional – ualach weight

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times