Banc dramhail

Crobhingne: Ar imeall na cathrach tá banc dramhaíl

Crobhingne: Ar imeall na cathrach tá banc dramhaíl. Is ann atá dríodar na margaíochta ina chónaí nó tagtha chun fois go dtí go scuabfar chun siúil arís é.

Is ann atá srutháin séarachais agus camras cáidheach ina gconairí tríd an áit. Is ann atá francaigh agus míolra ag fás ramhar agus ag damhsa. Agus is ann atá breis agus naoi gcéad milliún duine de ghrúnlach an tsaoil ag cur fúthu in aois seo ár dTiarna, Allah agus An Chiste Airgid Idirnáisiúnta.

De réir tuairisce ó áisínteacht de chuid na Náisiún Aontaithe 'UN-habitat' beidh gach tríú duine ar domhan lonnaithe i sluma uirbeach éigin laistigh d'aon ghlúin amháin. Bíodh gurb iomaí sin tuairisc a bhíonn iomrallach, tá a oiread céanna a bhíonn ródhóchasach faoina mbíonn á dtuar acu.

Is dóichíde go mór ná a mhalairt anois go mbeadh Peig ina cónaí in Phnom Penh ná ar oileán mara, agus muintir Mháire in Mumbai na hIndia dá mbeadh siad beo inniu.

READ MORE

Ní ag titim le faill a bheadh ógánaigh an Bhlascaoid, ach ag titim isteach san abar bréan de charn lodartha ar lic a dtinteáin féin.

Tá pobal na tuaithe ar fud na cruinne ag dul i léig, agus is ag méadú atá pobail na slumapholl uirbeach de réir caoga milliún duine in aghaidh na bliana.

Ar chúis éigin nach dtuigim, tugaimid na 'tíortha faoi fhorbairt' ar na tíortha bochta seo, nuair is follas gur ag meathlú as éadan atá siad.

Déanfaimid gach dá ndearnamar cheana chun fóirthint orthu.

Tiocfaidh siad chugainn agus a dteanga amuigh acu agus ceannóimid gunnaí.

Tiocfaidh siad chugainn agus airc ocrais orthu, agus déarfaimid go raibh ocras orainn tráth, freisin, agus go dtuigimid a gcás.

Tiocfaidh siad chugainn ag lorg aisce orainn, agus cuirfimid coiste ar bun.

Déarfaidh siad go bhfuil siad ag fáil bháis, agus déarfaimid leo 'voil, sin í an bheatha dhuit!'

Déarfaidh siad go bhfuil poll ina mbolg, agus déarfaimid gur measa go mór an poll spioradálta.

Déarfaidh siad nach bhfuil aon obair le déanamh acu, go bhfuil siad dífhostaithe, gur dúnadh an mhonarcha, agus déarfaimid leo 'Nach bhfuil dhá láimh agaibh cosúil le gach duine eile?'

Agus nuair a thiocfaidh siad leis an dá láimh sin chugainn, chomh fada chomh toiliúil lena chéile, cuirfimid gardaí cosanta ag an ngeata, agus madraí allta ag glafarnaigh, agus dúnfaimid an doras.

Agus nuair a thiocfaidh siad isteach tríd an bhfuinneog buailfimid leis an dlí iad, agus faoi dheireadh tabharfaimid airgead dóibh - le dul abhaile.

Agus nuair a gheobhaidh siad poll sa dlí, scoilt bheag ghlanseansúil, déarfaimid leo go bhfuil an seoladh mícheart acu mar níl cead againn a rá nach maith linn dath a gcraicinn.

Fiafróidh siad an bhfuil aon bhia againn dóibh, agus freagróimid nach féidir leo cnoc feola a ithe.

Fiafróidh siad an bhfuil aon deoir le n-ól againn, agus freagróimid nach féidir loch fíona a ól ach oiread.

Fiafróidh siad an bhfuil aon dóchas ann dóibh, agus freagróimid go n-ardaíonn an barra taoide gach bád dá snámhann ar an muir.

Taispeánfaidh siad a gcuid créachtaí dúinn, agus déarfaimid go bhfacamar créachtaí ba mheasa.

Taispeánfaidh siad a gcuid corp caol aimlithe dúinn, agus déarfaimid gur maith nach anorexia atá ann, pé ní é.

Éireoidh an fhearg iontu, agus meabhróimid dóibh nach féidir leo an dlí a bhriseadh.

Cuirfidh siad an milleán orainn, agus cuirfimidne an milleán ar an rialtas acu féin, ar an gcumannachas, ar an sóisialachas, ar a gcreideamh primitíveach, ar a gcuid leisce, ar a gcuid salachair, ar a n-easpa géilliúlachta, ar a n-iomad géilliúlachta.

Léireoidh siad mífhoighne agus dearbhóimid nach féidir an fhadhb a réiteach thar oíche, ná in aon bhliain amháin, go gcaithfear tabhairt faoi i gceart, cur chuige go straitéiseach, pleanáil go fadtéarmach, beart a scrúdú, slite a thriail, éisteacht leis na heacnamaithe, na socheolaithe, na polaiteolaithe, na banceolaithe, na hárseolaithe.

Feicfidh siad nach bhfuilimid ag éisteacht, agus glacfaimid trua dóibh, agus cuirfimid lámh ar a nguaillí, agus déarfaimid go cairdiúil: 'Féach níl sé chomh dona sin. Níl sibh marbh - fós.'

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar