Bliain sa Fhrainc agus club des cinq

Beocheist: Thit an foclóir faoin bhfear a bhí in aice liom sa chathaoir. Dhealraigh gáire beag ar a aghaidh

Beocheist: Thit an foclóir faoin bhfear a bhí in aice liom sa chathaoir. Dhealraigh gáire beag ar a aghaidh. Dhealraíos an teas sna leicne. Bhí sé ag stánadh ar an leabhar a bhí á léamh agam.

Ar an tslí abhaile tar éis míonna a chaitheamh sa Fhrainc, b'fhéidir go raibh cuma Fhrancach orm, cailín 20 bliain d'aois, le scairf shofaisticiúil, smideadh agus seodra, ag léamh leabhairín ... do leanaí.

Bhí mo lámh dheas socraithe ar íomhánna leathanaigh an leabhair, ag iarraidh iad a cheilt ar dhaoine eile, íomhá de mhadra mór...

Bhí Le club des cinq nó An Cúigear Cáiliúil le Enid Blyton, (moladh don aoisghrúpa sé bliana ar aghaidh) ar an mbord os mo chomhair.

READ MORE

D'fhiafraigh an leaid óg ó Lyon dom, leath slí tríd an eitilt, cad a bhí á léamh agam? Is léir go raibh Béarla á fhoghlaim aige. Thóg sé amach leabhar tiubh filíochta le Beckett.

Sa rang filíochta Fraincise, pléimid fealsúnacht na filíochta: cad í an fhilíocht agus a tábhacht. Léann an léachtóir dátaí amach, bliain i ndiaidh bliana agus na filí a bhain leis an mbliain sin. Is é an rud is mó go mbíonn fadhbanna agam leis na huimhreacha agus dátaí.

Glaonn Madame Luboise: mille sept cent quatre vingt onze, 1791, amach i slí thapa, gan sos agus ansin cupla fíric faoin mbliain sin.

Bíonn orm cuimhneamh ar na huimhreacha, nócha a haon, as Fraincis, is ea ceathar fé fiche móide aon déag, chaithfeá mata a dhéanamh.

Ansin scríobhann tú é síos go breá bródúil asat féin. Cailleann tú, faraor, an fhíric faoin tréimhse nó faoi na filí Hugo, Voltaire, Verlaine mar leanann an múinteoir ar aghaidh go dtí an chéad époque eile.

Tá máistreacht agam anois ar fhéachaint isteach thar ghualainn mo chomhghleacaithe Francacha agus mo chuid focal a aistriú ón rud a bhí á rá ag an múinteoir, dar liomsa, go dtí an rud go ndúirt sí go réadúil!

Ach má fhéachann aon Fhrancach amharc isteach ar mo chuid nótaí, bíonn orm mo ghualainn a threorú ionas nach féidir leo féachaint isteach agus mo lámh chlé a shleamhnú thar na focail, ag iarraidh na habairtí Fraincise atá scríte síos - gan mórán céille - a chlúdach.

Nuair a thagann aimsir na scrúduithe ní bhíonn tú róchinnte uaireanta, an rud é gur lean an file rialacha dochta Baroque nó nár lean sé.

Bíonn ort féachaint tríd na nótaí amscaí agus scrúdú a dhéanamh ar do chuid nótaí a ghlac tú roimhe sin. Tagann mic léinn áirithe i do threo uaireanta, mic léinn a bhfuil suim acu sna Sasanaigh.

Is cuma leo nuair nach Sasanach thú, yera nach mar an gcéanna í Éire chomh maith.

Nuair nach bhfuil fonn ort do chuid obair ollscoile a dhéanamh, is féidir leat máistreacht a fháil ar an gcluaséisteacht nó L'oral agus éisteacht le ceol Francach, dul go dtí an phictiúrlann nó an cultúr Fraincise a fhoghlaim agus croissants a chothú le camembert le do chuid cairde Francacha thar espresso.

Ar an tslí abhaile don samhradh, beidh mé chomh maith le mo dhuine ag léamh Beckett, Éireannach eile ag staidéar sa Fhrainc.

Is léir go mbeidh mé ábalta filíocht na gcúigear filí cáiliúla Francacha a léamh seachas an Club des cinq.

Beidh Baudelaire, Voltaire, Verlaine, Victor Hugo agus Mallarmé á n-iniúchadh agam ar an eitleán. Ón stair a d'fhoghlaimis sna ranganna, is léir go raibh a gcuid eachtraí i bhfad níos suimiúla ná an cúigear ón gclub de cinq: Claudine, François, Michel, Annie et Dagobert...cé nach bhfuil a fhios agam cén bhliain go díreach lenar bhain siad. Chun dul i bhfeabhas le mo chuid Fraincise caithfidh mé máistreacht a fháil ar dhátaí.