Bréagchúirt

Beirt ábhar dlíodóra ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ruadhán Mac Aodháin agus Áine Máire Ní Bhraonáin, a rug leo an chraobh…

Beirt ábhar dlíodóra ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ruadhán Mac Aodháin agus Áine Máire Ní Bhraonáin, a rug leo an chraobh sa chomórtas Bréagchúirt Uí Dhálaigh a reáchtáil Gael-Linn Dé hAoine seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Achomharc go dtí an Ard-Chúirt in aghaidh breith a rinneadh sa Chúirt Chuarda a bhí i gceist sa chomórtas. Sa bhabhta deiridh, a bhí ar siúl sna Ceithre Chúirt, os comhair triúr breitheamh, bhí an fhoireann ó Chorcaigh ag gníomhú thar cionn múinteoir scoile a rinne achomharc leis an Ard-Chúirt in aghaidh rialú an Chúirt Chuarda go gcaithfeadh sé €9,000 a thabhairt do thógálaí a d'fhostaigh sé chun athchóiriú a dhéanamh ar sheanfhoirgneamh. Bhí an tógálaí tar éis glacadh le €50,000 agus buidéal fíona uaidh roimhe sin.

Ag gníomhú ar son an tógálaí bhí beirt ábhar dlíodóra as Óstaí an Rí, Pat Barrett agus Rónán Prendergast, agus bíodh go ndearna siad a ndícheall, ba é tuairim na mbreithiúna gurbh fhearr an cás a rinne an fhoireann ó Chorcaigh cé nár labhair ach duine amháin, Ruadhán Mac Aodháin.

Bronnadh buantrófaí Ghael-Linn agus luach €500 de dhearbháin leabhair ar na buaiteoirí agus luach €250 de dhearbháin leabhar ar fhoireann Óstaí an Rí. Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, go mbeadh níos mó dlíodóirí le cumas Gaeilge ag teastáil amach anseo agus gur chun dlíodóirí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid a cuireadh tús le Bréagchúirt Uí Dhálaigh.