BT na Gaeilge

Rinne an comhlacht telechumarsáide Esat BT gníomh beag dea-thola ar son na Gaeilge Dé hAoine seo caite nuair a d'fhoilsigh siad…

Rinne an comhlacht telechumarsáide Esat BT gníomh beag dea-thola ar son na Gaeilge Dé hAoine seo caite nuair a d'fhoilsigh siad preasráiteas i nGaeilge agus i mBéarla.

Ag caint i nGaeilge, dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta gur cuid a haon dá dtionscnamh teanga a bhí sa phreasráiteas dátheangach. Is é an chéad uair go bhfuil a leithéid déanta acu.

Tá rún acu anois dul i dteagmháil lena gcuid custaiméirí sa Stát agus fiafraí díobh cad é na seirbhísí teanga a ba mhaith leo, mar shampla, billí, cabhair nó eolas a fháil ar an ghuthán agus fógraíocht.

Is é príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Bill Murphy, atá taobh thiar den pholasaí nua. Is Gael-Mheiriceánach é Murphy atá i mbun seirbhísí BT sa Bhreatain Bhig, Albain agus Tuaisceart Éireann. Cuireann BT na Breataine Bige seirbhís iomlán trí Bhreatnais ar fáil do chustaiméirí.

READ MORE

Dúirt an t-urlabhraí go raibh ceist na seirbhísí Gaeilge sa Tuaisceart le plé. Ó tharla, áfach, an duine céanna bheith i mbun an dá réigiún, ní raibh cúis ar bith ann nach lorgófaí tuairimí lucht labhartha na teanga thuaidh mar a dhéanfaí theas.

Thug Murphy le fios sa phreasráiteas go raibh siad "meáite" ar sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sna háiteanna atá daoine á n-éileamh: "Tá Esat BT dílis do mhargadh na hÉireann agus creidim gur gné thábhachtach de sin is ea tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt teanga náisiúnta na hÉireann."

Chuir an tAire Éamon Ó Cuív fáilte roimh an chleachtas úr: "Is aitheantas iontach é seo don Ghaeilge. Molaim Esat BT de bharr an tseasaimh dhearfaigh atá á thógaint acu maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá súil agam go bhfeicfidh mé comhlachtaí eile ag leanúint dea-shampla Esat BT i dtaobh na tacaíochta atá léirithe acu don teanga náisiúnta."