Buisteir, baigh dad!

Crobhingne: Tá búistéir Bhagdad - nó duine amháin díobh - gafa

Crobhingne: Tá búistéir Bhagdad - nó duine amháin díobh - gafa. Ní féidir liom a rá go bhfuil mo dheora ag sileadh go fras. Is mó sin máthair mhic agus athair iníne a cheapfaidh go mb'fhéidir go bhfuil a leithéid de rud agus ceart sa saol.

Is fairsinge thairis sin agus is mó sin fós seanmháthair garmhic agus seanathair gariníne ar fud na cruinne atá ag déanamh cumha nár tharla an oidhe chéanna dá gcuid búistéirí féin. Ach b'fhéidir gur leor anois gairdeachas an aon lae. Tá Saddam ar lár, agus begorra, nach é atá tuillte aige!?

Beidh pléisiúr áirithe le baint as tíoránach a chur ar a thriail. Féachfar isteach sna súile sin d'fhonn léas beag daonna a fheiscint iontu. Is é is scanrúla ná go mbeidh an léas beag sin le feiscint ann, léas an ainmhí dhuine agus é ag dul síos sa súchán gugalach. Ach doircheacht, leis. An doircheacht sin nach ngabhann thar fhaobhar na hintinne bige leithleasaí amach, doircheacht na cumhachta.

Nuair a gabhadh Eichmann dúirt na hIosraelaigh nár léirigh sé cathú ar bith ar son a chuid mórchionta. Bhí chomh diongbháilte ina chreideamh nimhneach tar éis a ghábhála agus a bhí sé roimhe. Mar a chéile leis na Naitsithe Goering agus Hess ag triaileacha Nuremberg. Ná níor athraigh Churchill a phort ach an oiread le linn a dhíotála, ach lean leis ag slogadh an bhranda. Bhí an buamadóir Harris breá sásta na céadta míle a loisceadh ina mbeatha ar son na córa, ach níor shábháil sin ón gcrann é.

READ MORE

Is fíor gur crochadh Mussolini bunoscionn ar an gcearnóig in Milano, ach bhí a mbealaí féin ag Impireacht na Róimhe nithe a chur suas síos. Nuair a tugadh Pinochet ar láimh don chúirt idirnáisiúnta, ba bheag duine a bhí toilteanach labhairt ar a shon, in ainneoin go raibh a gcrága ina phróca ar feadh i bhfad. Ní fior gurbh iad na focail dheireanacha adúirt sé sular baineadh an ceann de, "Agus shíl mé i gcónaí go dtiocfadh an cabhalraí chun mé a fhuascailt..." Bhí scannán á dhéanamh ag John Wayne ag an am, de dhealramh.

Mar an gcéanna um an gcosaint a bhí ag Pretty Polly Pot arbh fhearr é ná an choitiantacht. D'admhaigh sé ceart go leor gur chuaigh sé beagáinín thar fóir san fheachtas aige in aghaidh shaol na cathrach, agus léigh sé amach dánta Mháirtín Uí Dhireáin mar thaca lena thuairim. Ach b'é an bradán feasa ar fad aige gur ag troid i gcoinne Vítneaim a bhí sé, agus dá réir sin, go raibh cead aige napailm a úsáid dá dtogródh sé é, nó foraoiseacha a scrios, nó ciollaracha bruscair a dhéanamh de chathracha, pé ní mar gheall ar na daoine a bhí ina gcónaí iontu. Nuair a tosnaíodh ar na corpáin a chomhaireamh sa cheantar agus á gcur suas is anuas le cuntas na n-arm eile nach iad, scoradh den triail agus ligeadh dó filleadh ar a phálás ionas go bhféadfadh sé bás a fháil faoi shíocháin i dteanna a chait agus a mhná.

Bíodh is nach raibh mórán taithí ag Stalin ar na triaileacha céanna - ach amháin mar thaispeántas seoigh - bhí mórán finnéithe aige an doras isteach. Daoine a thacaigh leis i gcaitheamh na mblianta agus ar mhór acu a chuid tacaíochta. Roosevelt, go háirithe, agus de Gaulle, agus Churchill agus scuaine dá gcuid comhghuaillithe. Dúirt sé go raibh siad go léir faoi chomaoin aige, murach é go mbeadh an corporal beag croiméalach ina shuí go te, agus cad ab fhiú caoga milliún duine marbh idir cairde?

Táim sealbhaithe air gur mar sin a dhéanfaidh an búistéir seo cosaint air féin. Is é sin mura dtiteann sé síos an staighre idir an dá linn. Ligfear go leor i dteist air, fad is a bheidh go leor eile ag breith chucu féin. Samhlaím Donald Rumsfeld anois á chroscheistiú ag Rialtas Neamhspleách Daonlathach NuaThofa na hIaráice agus é ina phríomhfhinné ar son na cosanta.

"Is ea, a thiarna bhreithimh, is fíor gur thugamar an gás nimhneach dó, agus is fíor gur bhain sé leas as, ach an dtuigeann tú, ba chara linn é ag an am. B'shin an t-am sin, seo anois. Mór idir na haimseara! Tá a fhios agat. Tá nithe ann arb eol dúinn iad, agus nithe nach eol. Na nithe nach eol dúinn níor ghá gurb iad na nithe nach eol dúinn nach bhfuil fhios againn, agus na nithe nach eol dúinn nach bhfuil a fhios againn go heolgaiseach nach iad nach bhfeadair aon duine nach eol dúinn, agus tá eolas neamheolach ann ar aon iúl leis an eolas arb eol dúinn..."

"Neamhchiontach, my Lord!"

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar