Caint sa phub agus cosán go barr sléibhe

BEOCHEIST: TARLAÍONN A leithéid uaireanta. Oíche Shathairn. Caint sa phub

BEOCHEIST:TARLAÍONN A leithéid uaireanta. Oíche Shathairn. Caint sa phub. Agus an chéad rud maidin Dé Domhnaigh – le teann ceanndánachta – tá tú ar an mbóthar go Maigh Eo. Is dóigh liom gur eascair an rud ar fad as comhrá faoi mhí na Márta... Naomh Pádraig... Cruach Phádraig... Tuigeann sibh féin.

Pé rud é, bhíomar diongbháilte. Tháinig laghdú suntasach ar an diongbháilteacht chéanna nuair a chonaiceamar Cruach Phádraig. Bhí sé fós i bhfad uainn ach, ainneoin sin, thugas faoi deara go raibh cuma cuibhseach mór air.

De réir mar a chuaigh an Cruach i méid is ea a chuaigh mo mhisneach i laghad. Ní fhéadfaí a chur i mo luí nach rabhas ullamh: ceapairí; uisce; buataisí breátha fánaíochta.

Nár mhór an dímheas a chaitheamar ar Fhear na mBróg Leathar, nach raibh fiú casóg cheart air! – agus ar a chuid iarrachtaí dul i ngleic leis an gCruach. Mór an náire é...

READ MORE

Ar an dtaobh eile de bharaiméadar na dúthrachta, bhí An Fear Cosnochta a bhí ag gabháil le fraoch nuair a fhéad sé. Ba chosúil gur chulaith uisce a bhí á caitheamh aige, nó feisteas lúthchleasach de shaghas éigin.

N’fheadar ar mhaolaigh an feisteas aon phioc den phian a bhraith an fear bocht. Má b’aithreachas a bhí á dhéanamh aige, tá súil le Dia agam gur bhain sé súp as pé peaca a dhein sé.

Ba chóir dom rud amháin a shoiléiriú ag an bpointe seo. Níl taithí agamsa ar dhreapadóireacht. Puinn.

Ná ní ar mhaithe le haon ‘eispéireas diaganta’ a bhíos ag tabhairt faoin gCruach sa chéad áit. Ach an mhian úd a mhúsclaíonn ionat nuair a chuimhníonn tú go bhfuil áiteanna ann nach bhfuil feicthe agat.

An tathant rúndiamhair a éiríonn ionat nuair a chíonn tú sliabh, an uaillmhian a ghríosann tú an barr a bhaint amach. Dar ndóigh, tarlaíonn sé go dteipeann ar an uaillmhian agus tú ag dreapadh in airde.

Cuimhním ach go háirithe ar an bhfear seo as an tSín a chuaigh le craobhacha ar fad nuair a ghéaraigh an fán. Bhíosa ag imeacht ar lánluas, dírithe ar an mbarr, beag beann ar aon impí sos a thógaint.

Chuireas comhairle ar an Síneach gan féachaint chun tosaigh, ach breathnú síos ar an gcéad choiscéim eile. (Ní bhíonn aon drogall orm comhairle a chur ar dhaoine nuair nach bhfuil a leithéid uathu.)

Tamall gairid ina dhiaidh san, mé féin a bhí ar tí éirí as. Bhíos cinnte go raibh radharc agam ar an mbarr ach ní raibh romham ach tuilleadh sléibhe.

Agus tuilleadh ina dhiaidh san. D’éalaigh eascaine nó trí óm’ bhéal (mo leithscéal, a Phádraig!) agus bhíos réidh imeacht rólaí pólaí rólaí pólaí síos síos síos. Ach níor dhein.

Mhol cara liom sos a thógaint agus mhaolaigh ar an taom scaoill. Nuair a bhaineas barr sléibhe amach ar deireadh, b’éachtach an ríméad a bhraitheas, ní ba bhlasta fós i ngeall ar an streachailt.

Táim ag bodhrú daoine ó shin le scéalta gaisce ón gCruach; ná tosaigh mé ar ‘mheafar an tsléibhe’ mar ‘mheafar na beatha’. (Dá scríobhfainn leabhar féin-chabhrach, bí cinnte go mbeadh sé chomh pianmhar le do chuid glún i ndiaidh Chruach Phádraig.) Oicé, ní ar mhaithe le heispéireas diaganta a bhuaileas an bóthar go Maigh Eo, ach tharla foilsiú spioradálta de shaghas éigin, i m’ainneoin féin.

Ní haon iontas dom go bhfuil daoine ag triail ar an gCruach ó aimsir na réamh-Chríostaíochta. Tá mianach éigin sa sliabh nó ionann atá ag tarraingt na sluaite chuige leis na cianta. N’fheadar an cuimhin leis an Rialtas gur aimsíodh ór sa sliabh sna 1980í.

Deineadh an cinneadh an uair sin gan aon mhianadóireacht a dhéanamh. Is cosúil go raibh an t-ór ‘go breá san áit ina raibh sé’ dar le Comhairle Chontae Mhaigh Eo (má tá Wikipedia le creidiúint). Cé go raibh cúrsaí eacnamaíochta go holc sna 1980í, ba thábhachtaí spioradáltacht agus stair ársa na tíre.

Tá an tóin tite as an ngeilleagar arís anois ach ní mar a chéile ár gcuid luachanna a thuilleadh. Tá díobháil déanta do Theamhair agus Ros Dumhach ó shin. N’fheadar an bhfuil ciall cheannaithe ag an tír, nó an féidir a leithéid a cheannach le hairgead ola.

Dála an scéil, shroich Fear na mBróg Leathar an barr d’ainneoin a choisbhirt. N’fheadar an spreagfadh sé sin Ceannairí na gCultacha sa tír seo tabhairt faoin gCruach. B’fhéidir go bhfoilseofar fís dóibh conas deighleáil leis an bpraiseach eacnamaíochta. Ach, más é bhur dtoil é, ná habair faic leo mar gheall ar an ór.