Cath Carey

‘NÍL AN cath caillte ná baol air,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, le baill Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh Dé…

‘NÍL AN cath caillte ná baol air,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, le baill Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh Dé hAoine.

Agus é ag caint ar ardfheis an eagrais, dúirt Carey go raibh “deis stairiúil” go fóill an teanga a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile ach lucht na Gaeilge “obair as lámh a chéile”. Bhí lucht na Gaeilge cruinn “le chéile anseo ag am cinniúnach don teanga. Deir scoláire amháin gur “braistint na práinne” a spreag Filí na Máighe fadó. “Braistint na práinne” a bheidh mar spreagadh agamsa mar Aire na Gaeltachta

“Ó cheapadh mar Aire mé, tá sé ráite agam cúpla babhta go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an deis is fearr againn o bhunú an Stáit le cinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge slán agus go ndéanfar í a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.”

Mhol sé Conradh na Gaeilge as a bpáirt i próiseas comhairliúcháin na straitéise go dtí seo. Bhí sé ag súil le tuairisc a fháil ón Chomhchoiste Oireachtais “go luath” ar na moltaí ar fad. Baineadh “go leor” amach le tamall anuas agus bhí go leor eile ar siúl a thug misneach agus dóchas dó agus é ag dul i mbun oibre.