Ceardlann Chiarrai

Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta Feasta agus Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí in Óstán Listowel Arms, Lios Tuathail, Co Chiarraí…

Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta Feasta agus Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí in Óstán Listowel Arms, Lios Tuathail, Co Chiarraí, seachtain ón Satharn seo ag 10.30 a.m.

Is iad Pádraig Ó Snodaigh agus Mícheál Ó Ruairc, filí, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta, a bheidh ina stiúrthóirí don lá.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo páirt a ghlacadh cóipeanna dá saothar - dán, gearrscéal nó eile - a chur chuig Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co Chiarraí. €20 an táille cláraithe atá ann don cheardlann; €5 do mhic léinn. Eolas: 066-7124169 nó feasta@eircom.net