Cois linne

CROBHINGNE: AN TRÁTH seo bliana gabhann daoine an loch amach chun slisne de radharc a fháil ar an ngrian

CROBHINGNE:AN TRÁTH seo bliana gabhann daoine an loch amach chun slisne de radharc a fháil ar an ngrian. Tá ráfláil ann gurb ann dá leithéid, ach tá an fhianaise idir eatarthu ar an gcuid is láidre de.

Dúradh go bhfacthas ubh smeartha éigin sa spéir uair amháin agus gurbh in í an ghrian, ach bhí na daoine céanna sin in Fatima agus i gCnoc Mhuire, leis. Is chuige sin a théann daoine go dtí an Costa del Sol nó don Chosta del Craiceann d’fhonn a dheimhniú go raibh fírinne sna scéalta béaloidis sin mar gheall ar thine sa spéir.

Deasghnáth imeachta é faoi seo, agus ní fhónann Ostend ná Paris níos mó ar chuairt ábhaille. An tAerfort ar dtús, agus na málaí a mheá, agus na cnaipí cearta a bhrú, agus na ticéid a lorg, agus na páistí a bhualadh chun a gciúnú, agus an pas a thaispeáint seacht n-uaire, na bróga a bhaint díot, an buidéal deireanach amach, an tsiopadóireacht ghasta, an rith go dtí an leithreas, an cara a fheiceann tú a sheachaint, an suíochán a lorg, an seasamh isteach, an fógra slándála ar chluasa bodhra, an t-ispín fuar, na scamaill thíos fút, an tuirlingt rocach, an fhanacht fhada ar chosa laga, an gluaisteán nó an giolla, agus ar deireadh thiar thall, an ghrian í féin go lánlonrach os do chionn ag pógadh do chraicinn don chéad uair le bliain fhada fhliuch.

Is ea, leis, is ann duit, ach cad a dhéanfaidh tú anois? Ólfaidh tú an fíon saor, agus íosfaidh tú an bia saor, agus ceannóidh tú na giúirléidí saora, agus rachaidh tú ar na turasanna saora, agus déanfaidh tú gach rud saor mar tá gach rud saor amuigh ansin sna tíortha ina bhfuil an ghrian ag taitneamh seachas sna tíortha úd nach bhfeiceann an ghrian ach go fánach. Níl cíos ar an ngrian is léir, ach tá dleachta troma le híoc ar na scamaill.

READ MORE

Ag pointe éigin, áfach, tar éis duit an chairíóicí a fhulaingt oíche amháin eile, agus nuair is dóigh leat go bhfuil do dhóthain den tóin le gréin déanta agat, agus nuair atá an t-uachtar reoite deiridh ceannaithe agat don pháiste nach stopfaidh dod chiapadh, ní foláir duit leabhar éigin a tharraingt chugat. Is neamhghá duit a léamh go fóill, ach is gá é a tharraingt chugat. Má tá mór go leor, déanfaidh scáth gréine duit ar feadh tamaill, ach mura bhfuil ann ach ruidín cúilpháipéir ní dhéanfaidh cosaint rófheolmhar ort ar ghathanna na gréine anuas.

Seans go raibh rud éigin ceannaithe cheana féin agat san aerfort, nó seans go raibh ábhar éigin agat ón gclubleabhar a dhearmaid tú a léamh. Seans eile, áfach, go raibh tú i dtaobh leis na colúin iomadúla sin ina luann pearsana mórchéile cad é a bheidh á bhreith acu féin cois na farraige nó cois na linne snámha.

Fág lucht leabhar a léamh as an áireamh, is ilmhinic a iarrtar ar pholaiteoirí leabhair a mholadh, é sin, nó fiafraítear díobh cad é an leabhar (ar éigean, na leabhair) a bhéarfaidh siad leo ar an gcaolsheans go dtarlódh go dtiocfadh sé de chor sa tsaol go mb’fhéidir go mbeadh caoi nó aga nó uain nó cothrom acu beagán éigin de shmut de ruainne de luid de ghiota de shláimín de bhior iongan de dhreancaide de smaoineamh a bheith acu.

Mar is é fírinne dhiachrach an scéil é go bhfuil an chuma air gur daoine iad ár gcuid polaiteoirí nach ndéanann léitheoireacht ar bith, agus dá réir sin, nach bhfuil smaoineamh ar bith, ná smid, ná slisne, ná snab, ná smeach, ná spide den smaoineamh sin féin ar foluain ina ngaobhar. Tá eisceachtaí ann, gan amhras, ach b’fhéidir go gcoinníonn siad a nduáilce fholaigh faoi rún.

Fág an léamh féin as an áireamh, ní ardinspéiseach é go raibh roinnt bheag díobh a thriail úrscéal a scríobh. Alan Shatter ar dhuine díobh, ach más buan mo dhíchuimhne níor bhain sé le páiste beag de chuid na Palaistíne a chaill idir theach is theaghlach de bharr ionsaí na nIosraelach; agus Máire Geoghagan Quinn nár scríobh mar gheall air seo is siúd is pinginí móra na hEorpa.

Tá cúpla duine ar a bhfuaid a scríobh leithscéalta i bhfoirm cuimhní cinn, ach cá cás dúinn iad sin agus finscéalta le fáil go saor inár dtimpeall? Michael D. Higgins an t-aon fhile ina measc, ach ní bhfaighidh tú filíocht ar bith ar liosta léitheoireachta na dteachtaí dála ar eagla go ndúiseodh sí réabhlóid mhachnaimh go míthráthuil.

Nárbh iontach é dá mbeadh leabhar smaointe ar bith cois linne ag airí nó ag cúlbhinseoirí na haicme ceannais, leabhar a mhúsclódh tuairimí ar an gcúlráid faoin aiste ina bhfuilimid, leabhar a thógfadh amach as Teach Laighean iad, leabhar a sheolfadh go críocha i gcéin iad, leabhar a léireodh go bhfuil rud éigin ar siúl idir dhá chluais?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar