Cuir an Coimisineir Teanga i lar an aonaigh

Ag spochadh a bhí an cainteoir nuair a d'fhiafraigh sé: "Níl tú san iomaíocht don phost mar Choimisinéir Teanga

Ag spochadh a bhí an cainteoir nuair a d'fhiafraigh sé: "Níl tú san iomaíocht don phost mar Choimisinéir Teanga." Rinne muid gáire nó bhí an oiread tuairimíochta ag dul faoin phost - feidhmeannaigh chéimiúla Forais agus Údaráis agus, go fiú, iriseoirí - agus an oiread sin daoine 'san iomaíocht' gur shíl muid an rud bheith greannmhar.

Ach, i ndiaidh machnamh a dhéanamhh air, ní greann an mothúchán is mó a fhaigheann greim ort ach buairt. Táthar ag caint ar dhaoine bheith san iomaíocht don phost mar Choimisinéir Teanga ach ní fíor.

Níl duine ar bith san iomaíocht; tá siad 'á lua' leis an oifig. Ní hionann ar chor ar bith an dá rud. Le bheith san iomaíocht, caithfidh tú iarratas a chur isteach, dóchas bheith agat go gcomhlíonann tú na critéir agus go mbeidh an lámh in uachtar agat lá an agallaimh.

Níl a leithéid i gceist le post an Choimisinéara. Níl foirm iarratais ann; níl liosta poiblí critéir tugtha ag an Rialtas; níl fógra poiblí ar lorg iarrthóirí.

READ MORE

Tá an Rialtas ag caint le daoine agus tá daoine ag caint leis an Rialtas. Is é an tAire Éamon Ó Cuív a roghnóidh an té is fóirsteanaí as measc na ndaoine atá á gcur chun cinn faoi dhiscréid.

Níl ciall ná ciall leis sin. Faoin am a mbeidh fios ag daoine cé hé rogha an Rialtais, beidh sé rómhall ag na heagrais Ghaeilge agus na daoine sin a d'imir páirt lárnach i bhfeachtas le hAcht Teanga a bhaint amach, beidh sé rómhall acu a dtuairimí féin a nochtadh.

Tá an ceart ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge próiseas rannpháirteach a iarraidh - go díreach mar atá ag tarlú i gcás Ombudsman na Leanaí. Ní cosúil go bhfuil an feachtas thart go fóill ag an Chomhdháil - agus a ábhar sin acu.

Fiú an post múinteoireachta is sóisearaí, cuirtear fógra ar nuachtán agus foilsítear na cáilíochtaí riachtanacha ach níl a leithéid riachtanach don phost is cumhachtaí i saol na Gaeilge de?

Ní doiligh na cáilíochtaí a shamhlú. Beidh duine de dhíth a mbeidh scileanna taidhleoireachta agus taighde aige/aici agus a thabharfaidh aghaidh ar Státseirbhís agus pholaiteoirí más gá.

Beidh ar an té a cheapfar an córas a oibriú agus a dhúshlán a thabhairt de réir mar a fhóireann. Beidh ar an Choimisinéir dea-thoil a lorg agus brú a chur ar dhaoine má theipeann ar an dea-thoil; bheith neamhspleách ar dhaoine ach iad a earcú chun cúis na teanga.

Beidh, gan amhras, an méid sin ina aigne ag Ó Cuív agus é ag meas na n-iarrthóirí. Ach an cinneadh a fhágáil faoi, tá gach seans ann go n-aimseoidh sé an duine is fearr.

Ach níor cheart an cinneadh a fhágáil faoi phróiseas polaitiúil nach bhfuil iomlán trédhearcach. Ní heol dúinne cad é na brúnna polaitiúla a bhíonn ar obair cois tábla an chaibinéid.

Téarma sé bliana atá daite don Choimisinéir. Agus an tréimhse sin istigh, cad é a tharlaíonn má bhíonn Aire Gaeltachta ann nach bhfuil chomh cúramach coinsiasach le mac Uí Chuív i mbun an cheapacháin? Agus sé bliana ina dhiaidh sin agus ina dhiaidh sin arís agus arís?

B'fhearr i bhfad córas a cheapadh a dheimhneodh critéir shoiléire agus próiseas trédhearcach agallaimh i gcónaí. Bíodh deis ag gach duine ar spéis leis é cur isteach ar an phost. Bheadh sé de bhuntáiste ag a leithéid de chóras go dtabharfadh sé seans do dhaoine nach Gaeilgeoirí per se iad iarratas a dhéanamh. Tá daoine cumasacha in earnáil na teanga ach ní dochar ar bith é daoine eile a mhealladh i dtreo na hoibre seo.

Is trua fosta go bhfuil caint ann ar Oifig an Choimisinéara a lonnú thiar. Tubaiste ollmhór thragóideach a bheadh ann dá ndéanfaí a leithéid.

Cinnte, bíodh fo-oifigí ag an Choimisinéir thiar, thuaidh agus theas ach caithfidh an Coimisinéir bheith i lár an aonaigh - agus is é Baile Átha Cliath lár an aonaigh chomh fada agus a bhaineann sé leis an Stát de.

Ní post de chuid an pharóiste é seo ach post de chuid na Poblachta ar fad.

Tabhair éirí in airde air más mian leat ach ní thabharfaidh móruaisle na Státseirbhíse nó Theach Laighean an aird chéanna ar Choimisinéir ar an Cheathrú Rua agus a thabharfaidh siad ar Choimisinéir ar Shráid Chill Dara.

Caithfidh an Coimisinéir bheith le feiceáil i mBaile Átha agus bheith ag gníomhú sa phríomhchathair. Ba mhó tairbhe a bhainfí as cuairt ar oifig Runaí Roinne béal dorais ná 100 litir a chur chuige ag gearán faoi easpa polasaí teanga a Roinne.

Cuir an Coimisinéir agus obair na hoifige i lár an aonaigh.