Cuir i gcás go raibh...

Cuir i gcás go raibh gach uile ní faoin spéir agat. Cuir i gcás go raibh an uile ní ar thalamh agat.

Cuir i gcás go raibh gach uile ní faoin spéir agat. Cuir i gcás go raibh an uile ní ar thalamh agat.

Cuir i gcás go raibh post seascair agus teacht i dtír agat agus easpa ocrais go bráth agus gan baol cogaidh ná ionsaí agus sláinte cuibheasach réasúnta agus snua folláin agus dóchas deich mbliana romhatagus gan de shuim ag daoine ach san arán agus san sorcas agus go raibh tú sásta go mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht go deo agus nach raibh sa tsaol seo ach margadh ina gceannaítear an t-earra is saoire ar an luach is lú is féidir a thabhairt air.

Idir "cén fáth" agus fear an mhargaidh tá droichead nach bhfuil dul thairis. Idir "go leor" agus an rabairne mhíchuibheasach tá clais nach bhfuil droichead dá fhad ar féidir í a thrasnú. Idir an "Tíogar Ceilteach" agus na míoltóga a chuireann ceol lena cholainn tá seordán na ngnáthdhaoine a thuigeann go maith cad tá uathu ach ligean dóibh.

Deirtear linn gurb é an margadh an buachaill. Is é an margadh an leaid a shocraíonn an uile ní. Is é an t-aonach é atá i lár na sráide mura bhfuil aici ach an t-aon bhó amháin. Is é an margadh an praghas agus an luach má fhaightear an fordheontas lena bheathú. Is é an margadh an tslat tomhais ach an miosúr a bheith measta.

READ MORE

Le breis agus deich mbliana anuas is cuid de shaol corporáideach na hÉireann iad na hollscoileanna. Géag de chuid na heacnamaíochta iad.

Is í is ollscoil ann feasta seirbhís do chúrsaí gnó. Is í is foghlaim ann feasta oiliúint a chur ar dhaoine a dhéanfaidh forbairt ar chúrsaí gnó. Is í is forbairt ann feasta breis oiliúna a chur ar dhaoine a thabharfaidh seirbhís do chúrsaí gnó. Is í is seirbhís ann an gnó a chur chun fóinte na forbartha a dhéanfaidh foghlaim chun críche na hoiliúna a dhéanfaidh freastal ar chúrsaí gnó. Is é is oideachas ann cúrsa a chuirfidh oiliúint ar a dtugtaí foghlaim ar neacha sóisialta a mbíodh mic léinn orthu chun críche sealbhú scileanna a rachaidh chun leasa cúrsaí gnó.

Ba chuma, i bhfoirm, dá mbeadh sin fíor. Is é is mó a ghoilleann ar dhaoine ar mór leo an tuiscint dhaonna ná nach ndéantar an t-áireamh i gceart. Tá digití ar ladhracha agus ar fhoircinn chách a chéile chomh maith le lucht eacnamaíochta. Agus is é a insíonn áireamh na ndigití agus na bhfigiúirí agus na bprumpaí ar shuíocháin gurb é atá a dhíth ar dhaoine sna hollscoileanna agus sa saol trí chéile scrúdú a dhéanamh orthu féin mar dhaoine. Is iad na healaíona agus na dána boga rogha an mhargaidh. Mura mbeadh ann ach an margadh chuirfí deireadh le ranna eolaíochta agus leighis agus le cineálacha teicni-útamála go tiubh.

Tá fógra tugtha go mbeidh deireadh leis an gcéim aisteoireachta i gColáiste na Tríonóide as seo suas, mar shampla amháin. Dá ráite féin ba chóir go mba bheart bhuile í seo. Níl aon tionscal is mó ar domhan ná na tionscail siamsaíochta éagsúla. Féach uait na mílte d'uaireanta teilifíse, raidió is scannánaíochta atá fógraithe ar an nuachtán seo amháin. Is fíor gurb ann d'aisteoirí ó dhúchas chomh maith céanna is gurb ann d'antraipúinéirí ó dhúchas. Ach is amhlaidh go gcaitear airgead le hoiliúint na n-antraipiúinéirí fad is a bhítear á bhaint de na haisteoirí is de na healaíontóirí. Is rogha de chuid luachanna na bainistíochta í seo, agus ní rogha de chuid an mhargaidh.

Is féach uait na díospóireachtaí poiblí ar leathanach an nuachtáin chéanna seo ar gach rud faoin spéir bhraonach, ar gach aon rud seachas na nithe cúnga caiceacnamaíochta sin a chomáineann an geilleagar agus arb ar a son gurb ann don oideachas dar leis an stát. Plé polaitiúil, agus creidimh, agus moráltachta, agus eitice, agus staire, agus luachanna, is ea a bhíonn ar bun. Freagra ní bhfaighidh tú orthu seo in aon chúrsa léinn ghnó, agus suathadh ní bhfaighidh tú orthu i gcorp an staidéir eacnamaíochta istigh. Lasmuigh den bhainistíocht is ea an luacháil; agus ar imeall chúraimí na hollscoile is ea léann an duine féin.

Tá siad ann a bhfuil gach ní faoin spéir acu, is gach ní ar thalamh na hÉireann is na Spáinne is na Bulgáire, is teach i ngach baile agus árasáin faoin ngréin agus seirbhísigh chróndorcha ina gcodladh ar an léibheann chun aire a thabhairt do na páistí fad is a bhítear ar mhachaire an ghailf. Más í sin aidhm na hollscolaíochta agus báire na beatha tá ag éirí go seoigh thar barr amach linn thar amhras anonn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar