Cúrsaí spioradáltachta agus anama faoi chaibidil

TUARASCÁIL: BÍODH IS nach bhfuil clár leabhar per se ar TG4 - fágtar na léirmheasanna leabhar faoi Soiscéal Phádraic - ní bhíonn…

TUARASCÁIL:BÍODH IS nach bhfuil clár leabhar per sear TG4 - fágtar na léirmheasanna leabhar faoi Soiscéal Phádraic - ní bhíonn ganntanas ar bith clár faisnéise faoi scríbhneoirí agus amhránaithe ar an chainéal dátheangach.

Bhí John O'Donohue - Anam Caraina ábhar cláir an tseachtain seo caite sa tsraith, Anam nocht. Fuair O'Donohue, scríbhneoir, bás tragóideach gan choinne agus gan ach 53 bliain slánaithe aige mí Eanáir na bliana seo.

I mBéarla - diomaite de dhán beag agus amhráin i nGaeilge - a bhí an clár. Rud aisteach ann féin é sin agus cé go bhfuil an saol Fódlach eolach ar pholasaí ait teanga TG4 faoi seo, baineann sé preab asat fós. Ní osclófá eagrán de Foinseagus tú ag súil le lár an nuachtáin bheith i mBéarla. Tá an scéal níos aistí fós nó de réir RTÉ, bhí Gaeilge ó dhúchas ag O'Donohue. Más ea, cad chuige nár labhair sé í agus é faoi agallamh?

B'fhéidir go bhfuil an focal "agallamh" mífhóirsteanach anseo. Míreanna a taifeadadh thar cúig bliana a bhí mar bhunábhar ag an chlár. Is é an trua nach raibh tráchtaireacht ar bith leis an scannán a mhíneodh don lucht féachana cérbh é John O'Donohue go díreach. Glacadh leis go mbeadh aithne ag an lucht féachana air agus ar a shaothar. Seans mór go bhféadfadh an lucht féachana a rá gur chuala siad iomrá air, rud nach ionann agus a rá go mbeadh siad eolach ar a chás ar fad.

READ MORE

Bhí iomrá ar O'Donohue as a leabhar Anam Cara, leabhar ar chúrsaí spioradáltachta. Bhí an-díol ar an leabhar agus is é is mó a luaitear leis. Seans, ámh, go mbeadh sé deacair ar dhaoine - seachas a lucht leanúna dílis - insint duit cad é eile a scríobh sé ina dhiaidh sin.

"File" agus "fealsamh" an cur síos is coitianta a dhéantar ar O'Donohue. Ní chiallaíonn file mórán sa lá atá inniu ann nó tá mórán filí againn agus is beag is fiú mar mholadh é a thuilleadh agus fealsamh? Anois, sin agat ceist. Cad is fealsamh ann sa chomhthéacs seo? Is beag duine taobh amuigh den Ollscoil a thuillfeadh teideal mar fhealsamh.

Bhí an chuma ar an chlár gur mhalartaigh O'Donohue an téarma "fealsúnacht" do cheann níos réidhe - "spioradáltacht". Cad is spioradáltacht ann? Agus spioradáltacht Cheilteach leis? Déarfadh daoine leat gurb ionann An Léann Éireannach agus staidéar ar Éirinn gan an Ghaeilge a chur san áireamh. An amhlaidh gurb ionann spioradáltacht agus Críostaíocht gan Chríost?

Iar-shagart Caitliceach a bhí in O'Donohue agus d'aithneofá lorg an chreidimh sin ar a chuid cainte. "If you look at God as an artist then it totally alters what you think of God," a dúirt sé.

Mar sin féin, rithfeadh sé leat nár dhúirt sé rud ar bith nach raibh le fáil sa Chré agus an t-aon Dia amháin "a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe".

Níor dheacair fréamh smaointeoireachta O'Donohue a leanstan ach níor scrúdaigh an clár an ghné seo dá shaol mórán. Ag caint ar an Eaglais Chaitliceach, ar seisean: "the intellectual tradition of the Catholic Church is amazing". Theastaigh tuilleadh ceisteanna anseo le tuilleadh a mhealladh uaidh. Ar chreid sé gur thréig sé an traidisiún sin nó an ndearna sé forbairt air nuair a d'éirigh sé as a ghairm mar shagart? An raibh sé níos sona ó d'imigh sé nó an raibh cumha air?

Ar thug an traidisiún intleachtúil sin buanna dó nár admhaigh sé nó ar bhraith sé gur geimhle a bhí ann sa deireadh? Conas mar a bhraith sé i gcomparáid le daoine ar nós Mark Patrick Hederman, manach Éireannach, údar The Haunted Inkwellagus leabhair eile sa réimse chéanna mhachnaimh agus liteartha le O'Donohue?

Nó cad é an bharúil a bhí aige de Thomas Merton, manach Meiriceánach, a bhain clú agus cáil amach as a chuid scríbhneoireachta i réimse na spioradáltachta ach a chloígh leis an tógáil Chaitliceach?

Bhí an oiread sin ceisteanna le cur air faoina shaothar. Bhí O'Donohue deisbhéalach; bhí sé ar a shuaimhneas os comhair an cheamara agus chan sé mórán focal galánta mothálach.

Is é an trua gur sciob an bás uainn é agus nach mbeidh an deis ann labhairt leis arís.

Fís ar líne

TÁ BLAGSPOTA Gaeilge -  www.fisghaeilge.blogspot.com- seolta ag Glór na nGael. Is é is cuspóir leis an suíomh deis cainte a thabhairt do lucht na Gaeilge i Meiriceá faoi bhunú scáthghrúpa Ghaeilge.

D'eagraigh Glór na nGael comhdháil "Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh" i Nua-Eabhrac mí Bealtaine na bliana seo. Dúirt ceannasaí an eagrais, Lorcán Mac Gabhann, go raibh sé "soiléir ón méid a tugadh le fios ag an gcomhdháil go bhfuil an-éileamh ar an dtalamh i measc grúpaí Gaeilge do scáthghrúpa nua mar seo."

(Thug duine amháin ar an suíomh le fios, áfach, nár dhóigh leis go raibh "a fhios ag formhór na rannpháirtithe gur ghlac siad leis sin, mar ní dhearnadh an plé sin ina measc. Mar sin, ba mhaith liom a thuiscint cad tá i gceist go díreach. Cad a bheadh ann dúinn má bhíonn scátheagras ann, nach bhfuil againn cheana?" Tá an díospóireacht tosaithe cheana féin, is léir.)

Glór na nGael a fheidhmeoidh mar áisitheoir ar an bhlagspota go ceann trí seachtaine, am a dhéanfar cinneadh faoi bhunú, nó eile, scáthghrúpa nua, a dúirt Mac Gabhann.

Gaois

NÍ MASLA ar bith é a chur i leith an cholúnaí seo gur duine measartha seanfhaiseanta é. Sea, bainim úsáid as an Idirlíon, tá fón póca agus seinnteoir DVD agam. Thairis sin, ámh, níl aon drogall orm na meáin nua a fhágáil i leataobh agus filleadh ar na seanleabhair.

Ag méarú tríd Seanfhocail Uladhle hÉnrí Ó Muirgheasa a bhí mé an tseachtain seo caite (mar a dhéanann tú) agus ba mhór an pléisiúr a bhain mé as.

Ag tús na haoise seo caite a foilsíodh na seanfhocail seo den chéad uair. Is beag cainteoir dúchais óg Conallach - gan a bheith ag caint ar fhoghlaimeoir as Béal Feirste - a thuigfeadh gach uile cheann acu sa lá atá inniu ann.

Bíodh sin mar atá, tá gaois ann don aois chomhaimseartha. Is maith mar a fhóireann "Aimsir agus foighid, bhéarfadh sé an seilide go hIarúsailéim" mar mhana do na heagrais dheonacha agus iad ag obair leo go stuama ar son na teanga bliain i ndiaidh bliana.

Nó b'fhéidir gur cheart dóibh "An té nach dtruaghann do chás, ná déan do ghearán leis" a cheangal den doras sula gcuireann siad iarratas ar bith eile go Foras na Gaeilge. Ach b'fhéidir go dtabharfadh an Foras mar fhreagra orthu gur "fearr asal a iomchras thú ná capall a chaitheas thú".

Níl an leabhar gan chomhairle don iriseoir: "Is iomaí rud a chluinfeas tú nár chóir a chur i gcló." Is fíor. Faraor, rómhall a tháinig an chomhairle sin domsa.

agallamhinterview - deisbhéalachwell-spoken - deonachvoluntary - éileamhdemand - fealsamhphilosopher - físvision - forbairtdevelopment - gaoiswisdom - mífhóirsteanachunsuitable - mothálachsensitive - scátheagrasumbrella group - seilidesnail - soiscéalgospel - spioradáltachtspirituality