‘Dath fém béal’

AGUS AN cúlú eacnamaíochta linn i gcónaí, is ait mar a léiríonn daoine a misneach in aghaidh na tubaiste

AGUS AN cúlú eacnamaíochta linn i gcónaí, is ait mar a léiríonn daoine a misneach in aghaidh na tubaiste. Tá rudaí go dona ach níl beaguchtach ar gach duine.

Tharla mé ar an traein go Baile Átha Cliath ar na mallaibh agus grúpa seanfhondúirí ina suí le chéile ag dul chun na cathrach ar turas lae.

Bhí beirt bhan i lár na cuideachta agus seaimpéin bándearg á ól acu – ag 8.30am!

Ba chuma leo cén t-am den lá a bhí ann. Bhí siad sona i gcuideachta a chéile, i mbun crosfhocail, ag caint le chéile agus bhí taisteal saor ar an traein acu.

READ MORE

Bíodh an diabhal ag an euro agus ag an eacnamaíoch – bhí seaimpéin le hól. Ní raibh na mná seo ná a cairde le géilleadh don drochshaol. Chuir a n-iompar i leith lucht an éadóchais líne as AthDheirdre Mháire Mhac an tSaoi i gcuimhne dom. Lena gcré “Ní mhaífinnse,/Ná mo leithéidse, gaol/Cíoraim mo cheann/Is cuirim dath fém béal”.