Deireadh dlí

THÁINIG DEIREADH leis na himeachtaí cúirte a thosaigh an grúpa Cló Ceart in éadan Fhoras na Gaeilge i ndiaidh gur theip ar Chló…

THÁINIG DEIREADH leis na himeachtaí cúirte a thosaigh an grúpa Cló Ceart in éadan Fhoras na Gaeilge i ndiaidh gur theip ar Chló Ceart an comórtas do chonradh an nuachtáin nua sheachtainiúil Ghaeilge a bhaint anuraidh.

D’eisigh Cló Ceart, grúpa a raibh mórán iarbhall den nuachtán seachtainiúil

Foinse

luaite leis, d’eisigh said ráiteas Dé hAoine inar thug said le fios gur thug said faoin “dúshlán” mar gur chreid siad agus “go gcreidimid go fóill go raibh an comórtas sin easnamhach agus lochtach. Is í an chomhairle dlí a cuireadh orainn áfach gur cúiteamh as damáistí an t-aon sásamh a bheadh anois le fáil in aon imeachtaí cúirte, de dheasca imeacht aimsire, seachas comórtas nua, mar a bhí á lorg againne”.

READ MORE

B’fhiú “go mór díospóireacht mhacánta phoiblí faoi staid agus chaighdeán na hiriseoireachta clóite as Gaeilge faoi láthair, agus na struchtúir mhaoinithe a bhaineann leo”. Ba faoi lucht na Gaeilge, na léitheoirí, na meáin chumarsáide agus lucht ollscoile a bhí sé an díospóireacht sin a chur chun cinn, a thug an ráiteas le fios.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh siad “lánmhuiníneach” as an phróiseas ceapacháin a bhí in úsáid acu le deontas foilsithe a bhronnadh ar nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge: “Reáchtáladh an próiseas i gcomhair le critéir soiléire, treoracha oscailte agus trédhearcach mar a dhéantar le gach comórtas dá leithéid. Seasann Foras na Gaeilge leis an phróiseas.”