Dialann na ndeor

Beocheist: Ba í príomhléiritheoir an chláir Questions and Answers, Deirdre Young, a leag a méar ar fhadhb RTÉ agus iad ag plé…

Beocheist: Ba í príomhléiritheoir an chláir Questions and Answers, Deirdre Young, a leag a méar ar fhadhb RTÉ agus iad ag plé le cúrsaí reatha conspóideacha.

Chomhairligh sí do lucht féachana an chláir i stiúideo RTÉ bheith thar a bheith leochaileach agus cúramach an tseachtain seo caite agus iad ag plé fiúntas an chláir No Tears, dráma a bhí bunaithe ar scéal mná a fuair bás de Heipitítis C.

I dtús báire, b'ábhar thar a bheith corraitheach é, agus bhí an ceart aici sa mhéid sin, go háirithe ó fuair ball de Positive Action bás an oíche chéanna. Ina theannta sin, is amhlaidh a mhínigh sí nach raibh an t-airgead ag RTÉ chun cás clúmhillte a chosaint!

Agus is é an easpa maoine agus muiníne sin is cúis le foirmle an chláir Q&A bheith ag éirí leamh leadránach, róchoimeádach róchúramach le déanaí, chomh maith le bheith mí-éifeachtach i gcomparáid lena macasamhail Question Time de chuid BBC.

READ MORE

Níl an misneach ná an mhaoin ag RTÉ chun cúrsaí reatha a phlé i gceart ar an teilifís ach go háirithe, cé go ndéanann Morning Ireland a dhícheall ar raidió.

Tá, mar shampla, mar a bheadh comhthuiscint ann idir baill phainéal an chláir Q&A gan fogha a bhaint as an duine eile. Tugtar deis do gach duine seasamh a pháirtí nó a sheasamh féin a nochtú in ord agus in eagar, gan cur isteach ó éinne.

Shílfeá agus iad á n-ullmhú féin i gcomhair olltoghcháin go n-éireodh an plé níos géire agus níos suimiúla amach anseo. Beidh le feiceáil.

Mar sin féin, ní lia duine ná tuairim faoin dráma No Tears féin. Dar le Jane O'Brien, bunaitheoir agus iarchathaoirleach Positive Action, b'aithris dílis é ar scéal na mban misniúil a bhí thíos le Heipitítis C.

Mar sin féin, shíl sí féin go raibh an clár róthrom ar Mhicheál ó Nuanáin, an tAire Sláinte ag an am. Fear uasal tuisceanach ab ea é a ghabh a leithscéal leo sa deireadh, a dúirt sí. An fhadhb a bhí ann, dar léi fein, ná go raibh an tAire agus an rialtas róthógtha le comhairle dlí an Ard-Aighne ag an am.

"Thar rud ar bith eile," a duirt sí, "níor mhaith liom go mbeadh cás na n-easlán ina ábhar spairne polaitiúil san olltoghchán seo romhainn."

Bíonn an fhírinne searbh go minic, ach le tuiscint mar sin ón mBrianach, is deacair a mhíniú cén fáth nár tháinig an Nuanánach go dtí an clár chun a chás a chosaint - fiú "don deichiú huair" agus fiú dá sílfeadh sé gur luíochán polaitiúil a bheadh ann.

Bíonn níos mó measa ag an bpobal ar dhuine a bhíonn sásta an fód a sheasamh. Mar a tharla, áfach, fágadh an tuiscint ag an bpobal go raibh easpa féinmhuiníne nó easpa misnigh (agus easpa cinnireachta dá dheasca) ag cur as don Nuanánach.

CEIST eile is ea an chúis ar léiríodh dráma ar nós No Tears díreach ag an am nuair a bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil, fiú dá mba go neamhoifigiúil féin é.

D'fhógair RTÉ ag tús na bliana go ndéanfaí scagadh ar a chlársceideal ó thaobh cothromaíochta polaitiúla de. Mar thoradh ar an scagadh seo chuir RTÉ féin agallamh suimiúil réamhthaifeadta idir Carrie Crowley agus iarrthóir neamhspleách Marian Harkin ar ceal, ionas nach mbeadh "buntáiste" aici ar na hiarrthóirí eile.

Ceart go leor, ach cén fáth mar sin ar tugadh cead No Tears a chraoladh agus a fhios ag an saol an dochar a dhéanfadh sé don Nuanánach agus dá pháirtí trí mhí roimh an olltoghchán? Cén fáth nár craoladh é níos luaithe, nó nár cuireadh ar athló é?

Ar mhaithe le cothromaíocht an bhfuiltear i gceist drámaí eile a chraoladh a bheidh bunaithe ar Bhinsí Fiosraithe eile idir seo agus mí na Bealtaine?

Chuirfinn féin fáilte roimh dhiancheistiú ceannaire gach páirtí.

Ach a fhad is a bheidh RTÉ ag brath ar pé rialtas atá i gcumhacht agus faoi chomaoin acu go dtí go dtabharfar ardú suntasach dóibh ar an táille ceadúnas teilifíse, beidh ardmhisneach ag teastáil ó oibrithe an stáisiúin chun a cothromaíocht agus a neamhspleáchas ar an Stát a chruthú.

Tá ceist ann ar léirigh siad cothromaíocht an uair seo.