'Diomúch'

Cháin Bord na Leabhar Gaeilge cinneadh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, deireadh a chur leis an bhord agus a gcuid feidhmeanna…

Cháin Bord na Leabhar Gaeilge cinneadh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, deireadh a chur leis an bhord agus a gcuid feidhmeanna a aistriú go Foras na Gaeilge.

Ag cruinniú boird Dé hAoine, d'eisigh siad ráiteas ina ndúirt siad gur "cúis díomá" acu cinneadh Uí Chuív agus an dóigh ar chuir sé an cinneadh sin in iúl dóibh: "Tá imní mhór ar chomhaltaí an bhoird anois go mbeidh drochthionchar ag cinneadh an Aire ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge."

Chosain an bord a raibh bainte amach acu trí scéimeanna ar leith a eagrú d'fhoilsitheoirí, scríbhneoirí agus léitheoirí: "Bhí borradh iontach faoi chúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge le blianta anuas, agus níor chóir aon ní a dhéanamh a chuirfeadh isteach air sin."