Domhan beag?

CROBHINGNE: CEANN DE chlichés móra ár linne ná go bhfuil an domhan ag dul i laghad

CROBHINGNE:CEANN DE chlichés móra ár linne ná go bhfuil an domhan ag dul i laghad. B'fhéidir eolas geolaíoch a bheith ag daoine nach bhfuil agamsa, ach tá an chuma air go bhfuil sé a bheag nó a mhór mar a chéile maidir le méid de is a bhí riamh.

An bhualtach chéanna maidir le cúrsaí ama, go háirithe uathu siúd a bhfuil tonn éigin aoise acu – “Tá an t-am ag dul níos mire anois ná mar a bhíodh”, in ainneoin gurb earra meicniúil is ea an t-uaireadóir agus fág millimhicín de mhilimheandar de mhillishoicind as an áireamh, tá an chuma ar an scéal gur ag gluaiseacht de réir an luais chéanna atá sé is a bhí riamh.

Is den chreideamh céanna é an domhan a bheith ag dul i laghad. Toisc gur féidir an tAtlantach a thrasnú anois laistigh de chúpla uair an chloig seachas ar long sheanchaite a ghlac suas le deich lá don turas, deirtear go sruthlabhrach go bhfuil an domhan ag dul i laghad.

Toisc gur féidir deireadh seachtaine a chaitheamh ag siopadóireacht in Bangkok agus ar maidin Dé Luain i lár Thír Eoghain is dóigh le daoine go bhfuil an domhan ag dul i laghad. Toisc go gcloiseann tú go grod tar éis na míorúilte gur buaileadh Ciarraí (líon isteach na bearnaí) i gcluiche caide agus go dtógadh sé cúpla lá nuair a bhuailtí fadó iad, luaitear go bhfuil an domhan ag dul i laghad.

READ MORE

Ach is ag dul i méid atá an domhan chomh meafarach céanna lena mhalairt. Tá ráite gurb é Leonardo da Vinci an duine deireanach arbh fhéidir a rá ina thaobh go raibh gach rud arbh fhéidir a bheith ar eolas, ar eolas aige.

Ní móide gurbh fhíor sin, ar ndóigh, mar ní raibh tríú rún Fatima ar a ghob aige, agus ní raibh tuairim aige cén t-each a bhainfeadh an 3.30 i mBaile na Lobhar, má bhí an t-eolas sin féin ag Nostradamus, an té a thuigfeadh é.

Tá an domhan ag dul i méid mar go bhfuil a fhios againn inniu an rud nach raibh ar eolas againn inné, agus an comhthionól fuinte fáiscthe de thuiscint a bhíodh againn, tá chomh cúng le hintinn an tsagairt pharóiste agus an mhúinteora bunscoile le chéile nuair gurbh acu amháin a raibh léamh agus scríobh.

Is fíor go bhfuil gnéithe den saol nach mbíonn aon dul chun cinn iontu. Is buntuisceana dúinn nach bhfuil aon bhealach nua ann le leanbh a thógáil. Níl aon ní nua i modheolaíocht an oideachais nach raibh ann cúig mhíle bliain ó shin.

Is beag rud nua sa chaidreamh daonna nach raibh ag na príomhaigh dhéchosacha nuair a thosnaigh siad ag cabaireacht. Ach maidir le heolas lom amh fuar doshéanta a leigheasann galair agus a chuireann daoine chun na gealaí, níl aon amhras ach go bhfuil coiscéimeanna ar an gcosán buí tógtha againn.

Bhí tráth ann nuair gurbh é an domhan againn féin croí na cruinne; bhí tráth ann nuair a léimeadh galair neamhthógálacha ó chorp go corp; bhí tráth ann gurbh é flógastón a lasadh tine; bhí tráth ann nuair a bhí na freagraí ar fad ag Fianna Fáil; bhí tráth ann a gcuireadh cailleacha draíochta an chluain nimhneach ar a gcuid naimhde; bhí tráth ann nuair a cruthaíodh an domhan sé mhíle éigin bliain ó shin ar a naoi a chlog ar maidin ar Aoine an Chéasta.

Is é an t-iontas a bhaineann leis an eolaíocht ná gur dócha go bhféadfaí a mhalairt de thuairim ar ais a fháil maidir leis na samplaí sin ar fad thuas. Tiocfaidh eolaí éigin ar fhlógastón; fionnfar gurb é an domhan seo croí na cruinne; agus, cá bhfios, haha, deimhneofar go bhfuil na freagraí ar fad ag Fianna Fáil.

Idir an dá linn, caithfear géilleadh don fhíoras buile go bhfuil i bhfad níos mó den stair anois ann ná mar a bhí riamh; gur fearr a thuigimid an aimsir chaite ná mar a thuig an aimsir chaite iad féin; gur ródhócha nach raibh Ádhamh agus Éabha ag siúl na slí ar an aon bhóthar leis na díneasáir; nach é bromadh na mbó amháin faoi dear an poll sa chiseal ózóin.

Pé slí a théann tú, ó thuaidh, ó dheas, soir siar, amuigh amach, ar ais arís, anonn is anall, crandaí bogadaí, casadh i leith, suas síos, aniar aduaidh, tabhairt ar iall, thoir thiar thall, do gach leith, tá an chuma air go bhfuil níos mó ar eolas againn ná mar a bhí ag na glúinte a chuaigh romhainn.

Tá an scríobadh ar barra chomh furasta is a bhí riamh; ach is nuair a ghabhann tú síos siar isteach in ábhar ar bith is ea a chíonn tú an duibheagán. Mar nach ndúirt Pascal: “Is é ciúnas na fairsinge sin gan eolas a chuireann an cac trasna orm!”

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar