Dráma gan fháil

Tháinig scéal beag chun cuimhne agus cúrsaí ag dul in olcas in Amharclann na Mainistreach.

Tháinig scéal beag chun cuimhne agus cúrsaí ag dul in olcas in Amharclann na Mainistreach.

Chuir mé féin dráma chucu agus tháinig litir dheas mhúinte ar ais ar ball, ag dul buíochais liom as an dráma a chur faoina mbráid.

Mhínigh an bainisteoir liteartha go raibh mórán scripteanna acu agus gur nós le beirt léitheoirí iad a léamh sula scríobhfaí tuairisc ar bith. Dá bharr sin, bheadh ráithe nó mar sin i gceist sula mbeadh siad i dteagmháil liom arís.

28ú Lúnasa 2001 an dáta atá ar an litir agus tá mé ag fóill ag fanacht le tuairisc na léitheoirí. Ní dócha gur cheart dom éirí as an phost lae.