Droichead Feirste

CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh…

CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 26ú Lúnasa.

Beidh ceolchoirmeacha le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Breandán Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh agus Pádraig Rynne, Dónal Lunny, John McSherry agus Graham Henderson, mar aon le ceardlanna ceoil do thosaitheoirí.

Le cois an cheoil, beidh na scannáin Poitín agus Mise Éire le feiceáil, turas siúlóide logainmneacha, oíche airneáil, dianchúrsa Gaeilge, bunrang Gaidhlig agus imeachtaí do pháistí.

Eolas: www.androichead.com