Duais Yu Ming

Bronnadh Duais don Ghearrscannán is Fearr ar Yu Ming is Ainm Dom ag Aspen Shortsfest, féile scannáin a bhunaigh an t-aisteoir…

Bronnadh Duais don Ghearrscannán is Fearr ar Yu Ming is Ainm Dom ag Aspen Shortsfest, féile scannáin a bhunaigh an t-aisteoir Robert Redford agus atá clúiteach ar fud an domhain mar fhóram do scannáin neamhspleácha.

Lena chois sin, Bhain stiúrthóir an scannáin, Daniel O'Hara, Gradam Frank Copplestone, duais don stiúrthóir is fearr ag an Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse i nDún Dé, Albain. Insíonn Yu Ming is Ainm Dom scéal Shínigh óig a fhoghlaimíonn Gaeilge agus a thagann chun cónaithe in Éirinn. Is ábhar iontais dó a laghad daoine a labhrann an teanga.

Dúirt ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, gur thug na "buanna idirnáisiúnta ag féilte ardaitheantais mar seo misneach agus dóchas dúinn mar go ndearbhaíonn siad go bhfuil meas agus éileamh ag ár gcomhghleacaithe idirnáisiúnta ar cheardaíocht agus ar ealaín TG4".