Eagarthóir nua

IS É Ciarán Dunbar, (32), atá ceaptha ina eagarthóir ar an nuachtán nua, Gaelscéal agus tá an chéad eagrán den pháipéar le foilsiú…

IS É Ciarán Dunbar, (32), atá ceaptha ina eagarthóir ar an nuachtán nua, Gaelscéal agus tá an chéad eagrán den pháipéar le foilsiú Dé hAoine, 26ú Márta.

Ag caint leis an cholún seo as oifig Gaelscéal i nGaillimh inné, dúirt Dunbar gur thuig sé go raibh dúshlán roimhe agus freagrach air nuachtán den scoth a chur ar fáil.

Bhí “tréan tacaíochta” ar fáil don fhiontar nua bíodh is, a dúirt sé, “go raibh an chuma air go raibh easpa taithí ann ach tá crann taca ann”. Bhí “tréan le déanamh agus tréan déanta”.

Dúirt sé gur “thit sé isteach” san iriseoireacht. Chaith sé seal ag obair le Tionscadal na Logainmneacha ar Ollscoil na Ríona, seal ag obair i gcúrsaí dlí agus bhí saoririseoireacht déanta aige do nuachtáin agus raidió.

READ MORE

Mar a tharla, ní raibh sé ach dhá lá ar ais in Éirinn agus é ag caint leis an cholún. Tá cúig mhí go leith caite aige san Iodáil, tír dhúchais a pháirtí saoil agus áit a tháinig a leanbh ar an saol trí mhí ó shin. Tá siad le teacht go hÉirinn ar ball.

Idir an dá linn, beidh babaí eile ann darb ainm Gaelscéal le Dunbar a chur ó chodladh na hoíche.