Éigse i nDoire

DÁ mBEADH scríbhneoirí aoire na linne seo i mbun a gceirde sa tseanré, seans maith go bhfágfaí ar pócaí folmha iad mar gheall…

DÁ mBEADH scríbhneoirí aoire na linne seo i mbun a gceirde sa tseanré, seans maith go bhfágfaí ar pócaí folmha iad mar gheall ar na fíneálacha a ghearrfaí orthu de réir an dlí, a scríobhann Gráinne Ní Ghilín.

Bhí Róisín McLaughlin, údar Early Irish Satire, i measc na gcainteoirí a labhair ag Éigse Cholm Cille i nDoire ag an deireadh seachtaine ar an téama “An Greann sa Ghaeilge”. Thug sí le fios don slua a tháinig le chéile i gColáiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, go mbíodh dlíthe ann in éadan na haoire.

An té a chum leasainm a chloígh le duine, a tharraing míchlú ar dhuine nach raibh i láthair nó a rinne magadh faoi chruth duine, bhí éiric le híoc aige. Is léir nach aon rud nua í an cheartaiseacht pholaitiúil.

Bhí íoróin, imeartas focal agus scigaithris faoi chaibidil fosta ag na cainteoirí eile a rianaigh cúrsa an ghrinn thar na céadta bliain chomh fada lenár linn féin. Rinneadh tagairt do réimse leathan litríochta – Aislinge Meic Con Glinne, filíocht Uí Dhoirnín, Myles na gCopaleen agus saothar an aoichainteora, Liam Ó Muirthile – don traidisiún béil, don iriseoireacht agus do chláir theilifíse.