Fill arís, a Sheáin Uí Ríordáin

Beocheist/Liam Mac Amhlaigh: Mar náisiún, is iontach an tír muid le hócáidí cultúrtha a cheiliúradh.

Beocheist/Liam Mac Amhlaigh:Mar náisiún, is iontach an tír muid le hócáidí cultúrtha a cheiliúradh.

Ach go háirithe, tá cleachtadh faoi leith againn ár gcuid scríbhneoirí litríochta sa Bhéarla a chomóradh; ní gá ach radharc a chaitheamh ar fhéilte a eagraíodh in ómós Joyce agus leithéidí Beckett agus Yeats.

Ach an mbíonn an scéal amhlaidh maidir le scríbhneoirí na Gaeilge? Bíodh is go raibh saolú Mháirtín Uí Chadhain á lua an bhliain seo caite go tréan, an mó duine lasmuigh de dhomhan cúng na Gaeilge is na nGaeilgeoirí a bhí ar an eolas?

I mbliana is cuí cuimhneamh gur 30 bliain atá ann ón uair a bhásaigh an scríbhneoir agus file aitheanta Seán Ó Ríordáin, go hinargóinte, an file Gaeilge ba chumasaí a scríobh sa teanga san 20ú haois. Nuair a cailleadh an Ríordánach ar an 21ú Eanáir 1977, cailleadh duine de na meabhair cinn chomhaimseartha ba nádúrtha agus ba bhunúsaí a bhí ag an tír seo.

READ MORE

Nuair a thosaigh sé ag scríobh sna 1940idí, bogadh filíocht na Gaeilge go croílár fhilíocht nua-aoiseach na hEorpa. Rinne sé machnamh ina chuid filíochta ar na fadhbanna a ghlac aigne na mórfhilí Eorpacha le breis is 100 bliain roimhe sin - cuardach ar idé-eolaíocht agus ar bhrí i ndomhan a bhí ag éirí níos neamhphearsanta in aghaidh an lae (agus is dócha atá fós) agus an dúchas comónta atá á chailliúint ag móramh na saoránach ann.

Baineann a chuid dánta cineál spáis amach dó fein, spás le hanálú éigin a dhéanamh - rud a bhí riachtanach don Ríordánach. Bhain sé leas as an spás sin chun machnamh síoraí a dhéanamh ar a luach féin mar fhile, mar scríbhneoir i nGaeilge agus mar dhuine daonna. Dhírigh cuid mhaith dá chuid dánta ar fhéincheistiú leanúnach, laige an choirp, éadóchas agus dlúthspéis aige ar aonarachas an duine daonna. Ba shoiléir an tsamhlaíocht a bhíodh i gcónaí le sonrú ina chuid filíochta, samhlaíocht chomh beoga sin a thug isteach muid go minic i saol duine a bhí faoi chiapadh ag tinneas agus faoin amhras a bhain le beatha chorpartha.

Ag an am, mhúnlaigh sé an teanga i slí nach raibh taithí ag léitheoirí filíochta na Gaeilge uirthi agus bhain an t-ábhar a bhí á scríobh aige go minic leis an bhfírinne lom shearbh dhiúltach, rud a bhí nua-aoiseach agus nua-chiallach go maith ina ré féin. D'oscail sé doras na tuisceana do ghlúin óg scríbhneoirí a d'fhás ag deireadh na 60idí agus atá ag saothrú ghort na filíochta fós.

Nuair a rugadh an Ríordánach i mbreac-Ghaeltacht Bhaile Bhúirne, Co Chorcaí, i 1916, ba fhilíocht a bhí ag aithris ar an18ú haois a bhí i réim. Bíodh is go raibh an-mheas i gcónaí ar thraidisiún aige, ní raibh sonas ar bith aige glacadh lena leithéid mar bhun-nós gan cheist ar bith. Bhí ábhair ann a theastaigh uaidh a nochtadh ina chuid filíochta nár nochtadh cheana faoi sheanrialacha na filíochta Gaeilge agus bhí an teanga anois le lúbadh aige féin chun an oiread brí a bhaint aisti agus a ba mhian leis.

Bhí teannas agus castacht faoi leith ina chuid focal nach bhféadfaí a aimsiú i bhfilíocht Ghaeilge ar bith eile roimhe sin.

Roinnt blianta i ndiaidh bhás a athar, bhog sé féin agus a mhuintir go hInis Carra lasmuigh de chathair Chorcaí, aistriú a ghortaigh go mór é. Bhraith sé Gaeilge na Gaeltachta go mór uaidh agus ní go dtí go raibh Dún Chaoin bainte amach sa bhliain 1950 agus caidreamh rialta déanta aige le Michéal Ó Gaoithín, mac le Peig Sayers, gur tháinig sé ar ais chuige féin go hintleachtúil agus go corpartha. Shaothraigh sé le Bardas Chorcaí go dtí gur éirigh sé lag ina shláinte (chráigh eitinn é níos luaithe ina shaol) sa bhliain 1965.

Nuair a bhí beagán feabhais ina shláinte dhírigh sé a chruthaitheacht ar cholúin iriseoireachta san Irish Times ag deireadh na 1960idí, rud a thug tobar nua cruthaitheachta dó. Is léir an chruthaitheacht sin agus géire a intinne ina chuid dialanna ó 1940 ar aghaidh.

Mar chuid de na cuimhneacháin ar an ócáid seo i mbliana, beidh sraith léachtaí seachtainiúla á heagrú ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, i rith mhí Dheireadh Fómhair ar théamaí gafa le Seán Ó Ríordáin (www.ucc.ie/acad/mi) agus beidh mórchomhdháil ar siúl i mBaile Átha Cliath, "Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin" Déardaoin 18ú agus Dé hAoine 19ú Deireadh Fómhair sa Choláiste Ollscoile móide taispeántas agus oíche chultúrtha ( www.ucd.ie/riordain).

• Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge, Coláiste Oideachais Froebel, Baile Átha Cliath, é Liam Mac Amhlaigh