Goradh na cruinne

Tá siad amuigh ansin cheana féin na daltaí meánscoile agus aistí á n-ullmhú acu ar ghoradh na cruinne, nó an teasú domhanda, …

Tá siad amuigh ansin cheana féin na daltaí meánscoile agus aistí á n-ullmhú acu ar ghoradh na cruinne, nó an teasú domhanda, más fearr leat téarma níos boige. Samhlaím cheana iad ina ndeicheanna de mhílte agus tús á chur le dréacht deas cothrom acu leis an abairt: "Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an teasú domhanda."

Ní mar sin do na heolaithe, áfach, agus do no beithreacha bána ar an Mol Thuaidh. Tá na heolaithe chomh cinnte le flogaistean go bhfuil an domhan á théamh go mear mar is acu atá cloch órga an fhealsaimh.

Is iad atá suite de gurb é rósceitheadh na dé-ocsaíde carbóine de dheasca na hiarmhairte teasa ceaptha is cúis leis, agus tá Al Gore ar aon intinn leo. Agus tá gach seans ann go bhfuil an ceart aige mar ba dhóbair dó bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Dá dtoghfaí choíche é ní móide go gcreidfí focal óna bhéal.

Agus tá an tAontas Eorpach ag iarraidh go laghdófaí sceitheadh na dé-ocsaíde carbóine céanna ónar gcuid gluaistéan agus carbad agus feithiclí. Ní leor leo SUV inniu agus asal amárach. Agus fairis sin, tá duais de $25m á thairiscint ag an maighdean Richard Branson d'eolaí ar bith a fhionnann conas an t-aer a ghlanadh.

READ MORE

Ní hé nach bhfuil dealramh éigin leis na scéimeanna atá á moladh cheana. Ní hann d'eolaí nach bhfuil a phlean straitéiseach aige, agus mar is eol dúinn ní plean go plean straitéiseach.

Tá molta go maolófaí ar theas na gréine, ach tá lucht díolta Ambre Solaire ag cur ina choinne. Tá ráite gur cheart púdar iarrainn a shíolú sna farraigí d'fhonn planctón a mhéadú a bhéarfadh an charbóin leo go grinneall na farraige nuair a gheobhadh bás, ach níor chuir éinne ceist ar an bplanctón.

Tá seo go breá, agus tá go holc leis, ach deimhin a dhéanamh dár ndóigh go bhfuil an chúis cheart aimsithe againn. Ní féidir a chur as an áireamh gurb ionsaí dofheicthe ó neachanna dofhála ó phláinéid do-eolais is bun leis an angar go léir.

B'fhéidir gurb é mallacht agus díoltas na síóg é. Nó, an ní is dóichíde ar fad, ár ndoineann donn dílis, broimneach na bó.

Tá de bhuntáiste ag goradh na cruinne, ar ndóigh, an neamhghá a bheidh le turasanna chun na gréine, mar is amhlaidh go mbeidh an ghrian ar thuras chugainne.

Beidh daoine á rua féin arís ar thránna Bhun Dobhráin, agus Bhun an Tábhairne, agus Bhóthar na Trá, agus Shráid na Cathrach, agus Inse an Duine, agus Dingil Deaingil.

Beidh eitiltí saora ag Ryanair ó Tampere na Fionlainne go dtí an Fearann Fuar a ngairmfear an Tralaí Te air feasta. Líonfar sráideanna na cathrach ó dheas d'uisce arís ionas go mbeifear in ann í a ainmniú mar Veinéis nua darb ainm Corcaigh. Naomhóga a bheidh ar an Laoi as seo suas, agus lucht a stiúrtha chomh glic sleamhain slím le golondieraí nó jarveyaí ar bith.

Aisling mheabhail an méid sin ar fad, áfach, más fíor do lucht na fáistine. Táimid tamall fada suas i gcaolas an cheacha, agus b'fhearra dúinn cromadh arís ar litríocht na Gaeltachta a léamh. Mar is amhlaidh gur lucht tairngreachta a bhí sna scríbhneoirí sin a raibh oiread sin drochmheasa orthu - Máire, agus Tomás Criomhthain, agus Páraic Óg, agus thar aon duine eile, Peig í féin. Samhlú na haimsire caite a bhí leo. Samhlú an bháis agus na seanaimsearachta. Samhlú an olagóin ealaíonta agus na coise san uaigh nó ar a bruach.

Scéal liom daoibh, áfach.

Sin é an saol a bhfuil filleadh i ndán dó, saol an chait bhric bheirthe agus na róinte ar an ngrideal, agus an rince teallaigh ceal rince ar bith eile, agus an t-iascach amach ó na carraigreacha, agus an tochas ar an bhfoighne, agus an teallach gan teilifís, agus an iarta gan oigheann micrithonnach, agus na scraitheanna fraoigh agus raithneach chríon agus bualtaí, agus solas an gheaitire sa lasadh gan leictreachas, agus an poitín agus na prátaí agus na pampútaithe.

Cuid den scéalaíocht fháistineach, den science fiction iad scríbhneoirí na Gaeltachta mar a bhíodh. Cuid den aimsir chaite iad na scríbhneoirí cathrach úd a bhí chomh sách sin gur tábhachtaí leo an pláta airgid ag an mbéile seachas béile a bheith ann in aon chor.

Ní bheidh de dhifear ann ach go mbeimid go léir inár nAfracánaigh feasta, mar a bhí cheana, go fiú is má táimid dúdóite mar gheall air sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar