Gradam Bhrighide

Tá comhghairdeas ó chroí tuillte ag Bríghid Bean Uí Éigeartaigh as an Dochtúireacht Oinigh a bhronn Ollscoil na hÉireann, Má …

Tá comhghairdeas ó chroí tuillte ag Bríghid Bean Uí Éigeartaigh as an Dochtúireacht Oinigh a bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, uirthi Dé hAoine seo caite.

Bhunaigh Bean Uí Éigeartaigh agus a céile fir, Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh, an comhlacht foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill in 1945.

Bhí an comhlacht céanna freagrach as cuid de na leabhair Ghaeilge is tábhachtaí a fhoilsiú - ina measc Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain agus cnuasaigh fhilíochta le Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi. D'éag a céile in 1967 ach lean Bríghid de bheith ag obair leis an chomhlacht go dtí 1980. Sáirséal Ó Marcaigh atá anois air.

Dúirt uachtarán na hollscoile, an Dr W. J. Smyth: "Gan Sáirséal agus Dill, ní fhoilseofaí go deo cuid de na saothair nua-aimseartha Ghaeilge is iomráití. Éacht dearscnaitheach ionmholta a chuir sí féin agus Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh i gcrích." An ceart ar fad aige. Tá léitheoirí faoi chomaoin mhór aici.