Gradam Chelia

Celia de Fréine, file, a bhain Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, as a cnuasasch…

Celia de Fréine, file, a bhain Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, as a cnuasasch filíochta, Fiach Fola. €5,000 an luach atá ar an duais.

Baineann an cnuasach le scannal na heipitítise C. Dúirt moltóir an chomórtais, Máire Mhac an tSaoi, go raibh "an t-ábhar gruama agus truamhéalach, ach ardaíonn scileanna an fhile an t-iomlán go buaic chórach réasúin agus fealsúnachta, gan aon ruainne den daonnacht a chailliúint agus gan tarrac ar mhaoithneacht ná ar fhéintrua sa phróiseas."

Is de bhunadh an Dúin í de Fréine ach cónaíonn sí i mBaile Átha Cliath agus i gConamara.

Bhain sí Duais Patrick Kavanagh sa bhliain 1994 agus duais aitheantais i gcomórtas Ghradam Chló Iar-Chonnachta sa bhliain 1999 as a cnuasach, Faoi Chabáistí is Ríonacha. Is é Fiacha Fola a dara cnuasach.