Gradam na gCeilteach

Tá trí ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do Fhéile na Meán Ceilteach a bheidh ar siúl ar an Oileán Sciathánach, …

Tá trí ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do Fhéile na Meán Ceilteach a bheidh ar siúl ar an Oileán Sciathánach, Albain, ag deireadh mhí an Mhárta. Fuair an clár faisnéise Seachtar Laoch ainmniúchán sa rannóg Cláracha Faisnéise Raidió, clár inar thug Máirtín Jaimsie cuairt ar Phríosún Chill Mhaighneann agus ar na cillíní inar coinníodh ceannairí Éirí Amach na Cásca. Ainmníodh Rónán Mac Aodha Bhuí do ghradam Phearsa Raidió na Bliana.

Cuireann sé an clár RónánBeo@3 i láthair ón Luan go hAoine agus ainmníodh an tseirbhís trí chéile le haghaidh gradam Stáisiún Raidió na Bliana. Bhain an tseirbhís an gradam seo dhá bhliain ó shin. Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, gur thug na hainmniúcháin aitheantas don stáisiún, go raibh ag éirí leo ardchaighdeán craolacháin a bhaint amach agus forbairt sa bhreis a dhéanamh ar an lucht éisteachta.