Idir dha chultur arsa

Beocheist: It's odd how two countries thousands of miles apart can still have similarites, writes Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: It's odd how two countries thousands of miles apart can still have similarites, writes Máiréad Ní Chinnéide

Agus lucht leanúna fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann ag ullmhú chun taisteal go dtí an Chóiré Theas ag tús an tsamhraidh bhí blúirí eolais faoi shaol mhuintir na tíre sin le fáil ó na meáin chumarsáide. Rinneadh rud mór as an dúil a bhí ag muintir na Cóiré i bhfeoil mhadra.

Chuimhnigh mé ar scéal a scríobh sagart Columbánach, Pádraig Ó Murchú, a bhí ina mhisinéir sa tír sin, faoin chéad uair a tugadh feoil mhadra le hithe dó. Bhí cuireadh aige féin agus ag an sagart paróiste chuig picnic agus, mar onóir speisialta dó féin, is é a mhadra féin, a mbíodh sé de nós aige a chothú faoin tábla, an príomhchúrsa.

Idir Dhá Shaol ba theideal don leabhar agus is i 1986 a foilsíodh i dtús é. Thart faoin am sin a léigh mé féin é agus bhí insint an tsagairt ar an eachtra sin chomh barrúil sin gur fhan sé i mo chuimhne. Is cúis mhór shásaimh dom a fheiceáil go bhfuil athchló curtha ag Coiscéim ar an leabhar arís. Ní amháin go bhfuil léargas tuisceanach le fáil ann ar chreideamh agus ar chultúr na ndaoine sin a raibh sé ag obair ina measc, tá an teanga ina gcuireann sé síos orthu thar a bheith saibhir.

READ MORE

B'oiliúint mhaith don saol sa Chóiré an tógáil a bhí ag an údar i gCorca Dhuibhne, áit a raibh meas ag a mhuintir ar thraidisiún agus saíocht a sinsir agus is minic a dhéanann sé comparáid idir nósanna mhuintir na Cóiré agus na nósanna sa bhaile aige féin.

Eitic Confucius a bhí i réim nuair a chuaigh sé ann i 1968, eitic atá bunaithe ar an teagasc nach bhfuil faic sa duine ann féin; go bhfaigheann sé a sheasamh i measc na ndaoine óna dhualgaisí a chomhlíonadh don chlann. Níl aon fhocal ina dteanga do "phríobháideachas". Bhí an eitic sin ag dul in éag sna bailte móra de thairbhe thionchar an Iarthair. Ach is í fós a bhí ag stiúradh saol na ndaoine faoin tuaith agus go mórmhór ar an oileán, Huk San, áit nach raibh raidió, teilifís nó nuachtán ag na daoine ann. Ní hionadh go bhfaca an sagart cosúlachtaí idir é agus an Blaoscaod Mór, aimsir Thomáis Uí Chriomhthain.

Go minic tagraíonn sé don ómós a bhí ag seanmhuintir na Cóiré do na mairbh. Bhí níos mó suime acu in uaigheanna a sinsir ná mar a bhí ina dtithe cónaithe féin, deir sé. Bhí nós acu ag sochraid a thuigfeadh muintir na tíre seo. Nuair a bhíodh an chónra curtha faoin chré dhoirtí alcól ar an uaigh, oiread sin deir an t-údar go mbeadh "piastaí agus seilmidí na háite ar a gcaoir ar feadh seachtaine".

Ach ba mhinice sochraid ar an oileán ná pósadh mar, dála oileán na hÉireann, bhí an t-aos óg ag imeacht leo chun na mórthíre. Ach fiú ar an mhórthír bhí siad dílis do na sean-nósanna pósta. Is beag am a bhí ag Confucius don "ghrá". De réir a chuid teagaisc is iad na tuismitheoirí ba cheart cleamhnas a shocrú.

Deir an sagart go raibh aithne aige ar na céadta fear nach raibh caidreamh ar bith acu le bean sular pósadh iad. Ag an am céanna ar seisean, "ní fhaca riamh seanbhaitisiléir sa tír seo. Fiú má bhíonn a cheann crochta faoina ascaill agus a thóin ag sileadh siar síos ar a shála gheobhaidh a mhuintir bean don bhfear sara mbeidh sé deich mbliana fichead". Níor chreid muintir an oileáin é nuair a dúirt sé go raibh a áit féin in Éirinn lán de bhaitsiléirí.

TÁ go leor le rá ag an údar faoi shaol an mhisinéara, saol a bhí thar a bheith uaigneach go mórmhór sna blianta tosaigh nuair nach raibh an teanga aige.

Tugann sé le fios gur mó atá foghlamtha aige féin ó na daoine ná mar atá faighte acu siúd uaidh. Uair amháin agus é sa bhaile ar saoire, agus muintir na Cóiré á móradh aige, chuir cara ceist air. Má tá na daoine amuigh ansin sásta bheith ag leanúint teagasc Confucious le dhá mhíle go leith bliain cén fáth go bhfuil tú á suathadh le creideamh nua?

Is ceist í a chuirtear ar gach misinéir Críostaí a bhfuil tuiscint aige do chultúr na ndaoine a bhfuil sé ag obair ina measc. Ní dóigh liom go raibh an t-údar féin sásta leis an fhreagra a thug sé ar a chara.

Fillfidh Liam Ó Muirthile an tseachtain seo chugainn