Imirice na Fraince

Tabharfaidh an Dochtúir Éamon Ó Cíosáin, Léachtóir le Fraincis, Ollscoil Náisiúnta, Má Nuad, léacht ar "Imirce go dtí an Fhrainc…

Tabharfaidh an Dochtúir Éamon Ó Cíosáin, Léachtóir le Fraincis, Ollscoil Náisiúnta, Má Nuad, léacht ar "Imirce go dtí an Fhrainc roimh 1690" i Leabharlann an Chairdinéil Uí Fhiaich, Ard Mhacha, san oíche anocht ag 8 p.m.

Seo í an léacht dheireanach de shraith bhliantúil Chumann Seanchais Ard Mhacha roimh shos an tsamhraidh ach níl deireadh le himeachtaí an chumainn go fóill.

Tá turas lae go Dún Pádraig agus áiteanna stairiúla sa cheantar sin le reáchtáil Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh.

I mí Lúnasa tá turas deich lá chun na hIodáile beartaithe. Rachaidh an cumann go Milano, Bobbio, Loch Como agus go háiteanna eile a bhfuil iarsmaí na Naomh Éireannach iontu. Eolas: 028/048-37522981 nó ofiaichlibrary@btinternet.com