Imram ar obair

CUIREADH TÚS leis an fhéile litríochta, IMRAM, i mBaile Átha Cliath aréir le hócáid ar leith don fhoilsitheoir, scríbhneoir agus…

CUIREADH TÚS leis an fhéile litríochta, IMRAM, i mBaile Átha Cliath aréir le hócáid ar leith don fhoilsitheoir, scríbhneoir agus staraí, Pádraig Ó Snodaigh.

Seo an seachtú bliain don ócáid bheith ar siúl sa chathair agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go ceann coicíse.

Tá meascán de cheol, chaint agus den fhilíocht i gcroílár na n-imeachtaí. Tá áit ar leith ag an fhile Máirtín Ó Direáin ar chlár na bliana nó tá sé 100 bliain ó tháinig file iomráiteach na n-oileán ar an saol.

Labhróidh painéal scoláirí agus filí – Caitríona Ní Chléirchín, Gréagóir Ó Dúill, Mícheál Mac Craith agus Liam Mac Amhlaigh – ar an téama “Duanaire mo mhuintire: plé agus scagadh ar fhilíocht an Direánaigh” arú amárach ag 6pm san ionad City Arts, Siúlán Bhaitsiléara.

READ MORE

Lena chois sin, tabharfaidh an léachtóir, Caoimhín Mac Giolla Léith, caint ar “Cloch agus Céir: luachanna an Direánaigh” Dé Sathairn ag 6pm in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell.

Níl fiacha ar dhuine ar bith fanacht an fad sin féin, ámh, sa chás go bhfuil fonn air páirt a ghlacadh sna himeachtaí. Seolfaidh Liam Ó Muirthile leabhar nua dá chuid, Sceon na Mara(Cois Life, €15) san oíche anocht ag 7pm sa Culture Box, Barra an Teampaill. Scéinséir atá sa saothar úr seo agus beidh Ó Muirthile faoi agallamh poiblí ag an scríbhneoir Catherine Foley mar chuid den seoladh.

Beidh “Seoda ón tSeanlitríocht is na Clasaicigh” faoi chaibidil ag lucht pinn agus ollscoile san oíche amárach ag 6pm in Áras na Scríbhneoirí. Tabharfaidh Pádraig Ó Cíobháin, Máirín Ní Dhonnchadha agus Edel Bhreatnach léargas ar chuid den litríocht is sine dá bhfuil le fáil in Éirinn.

Agus, mar a scríobhadh ar an cholún an tseachtain seo caite, seolfar úrscéalta nua le Mícheál Ó Ruairc agus Anna Heussaff san ionad céanna ag 7.30pm amárach fosta.

Eolas: www.imram.ie