Inis gan analóg

TUARASCÁIL: IS MIAN le TG4 cur in iúl dá lucht féachana in Inis Eoghain, Co Dhún na nGall, go gcuirfear deireadh leis an chomhartha…

TUARASCÁIL:IS MIAN le TG4 cur in iúl dá lucht féachana in Inis Eoghain, Co Dhún na nGall, go gcuirfear deireadh leis an chomhartha craolta analógach sa cheantar coicís níos luaithe ná an chuid eile d'Éirinn.

Tá an comhlacht, RTÉNL, atá freagrach as an tarchur trastíre do na craoltóirí teilifíse, leis an chomhartha analógach a mhúchadh ón chrann i mBun an Phobail, tuaisceart Dhún na nGall, seachtain ón lá inniu.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh an lucht féachana i Málainn, An Chros, Gleann Gad agus Mossy Glen gan teilifís analógach ach beidh TG4 ar fáil ar an chóras digiteach SAORVIEW agus Sky.

Dúirt leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, gur thrua leis go raibh an múchadh analógach ar TG4 ag tarlú rud beag ní ba luaithe ná áiteanna eile ach bheadh “pictiúir níos gléine agus fuaim níos soiléire” leis an chóras digiteach.

READ MORE

Mhol sé do dhaoine “an t-aistriú a dhéanamh go maith in am mar beidh an córas analógach múchta do gach cainéal ar fud an oileáin taobh istigh de choicís”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times