Is fearr cairde ná ór

BEOCHEIST: I n the room the women come and go Talking of Michelangelo – T.S. Eliot, The Love Song of J. Alfred Prufrock

BEOCHEIST:I n the room the women come and go Talking of Michelangelo– T.S. Eliot, The Love Song of J. Alfred Prufrock

LE BLIANTA beaga anuas tá an tréith sin a dtugaimid “cairdeas” air tar éis batráil cheart a ghlacadh.

Bhí tráth ann agus thosaíodh duine ag scríobh litreach nó ríomhphoist leis an nath “A chara”. Nó “A Chara na gCarad” fiú amháin.

In Éirinn an lae inniu, faraor, tá smál éigin ar an bhfocal “cara” de bhrí go raibh baint chomh dlúth sin aige le réimse na caimiléireachta agus na mímhacántachta.

READ MORE

Cara sa chúirt – cara ag leibhéal ard sna Gardaí, sna meáin, sa pholaitíocht – agus mar sin de.

Tá brú chomh mór sin ar dhaoine áirithe go mbíonn siad ar Facebook ag comhaireamh cé mhéad cara atá acu.

Bíonn brú ar pháistí agus daoine óga leochaileacha fiú maidir le líon na gcairde atá acu ar Facebook. Dia ár réiteach, cén sórt sochaí í seo ar chor ar bith?

Ní ag déanamh áibhéile atáim – feictear sa saol oibre chomh maith é. Déanann daoine áirithe iarracht cairdeas a chothú le daoine eile ach ní fíorchairdeas é in aon chor.

Ag smaoineamh atá siad ar an leas is féidir a bhaint as an duine eile seo – an cara nua.

Uaireanta bíonn sé chomh soiléir sin go mbíonn smaointe rúnda an scéiméara sin scríofa ar a aghaidh.

An dtarlaíonn sé ó am go chéile go mbíonn daoine a bhíonn ag obair sna hóstáin agus sna bialanna róchairdiúil leat?

Braitheann tú go bhfuil rud éigin mí-ionraic nó bréagach ag roinnt leo. Seans gur thug fear an tí “orduithe” dóibh a bheith cairdiúil leat. Cúlaíonn tú uathu. Éiríonn coimhthíos aisteach idir tusa agus an duine “cairdiúil” sin.

Buaic a chomórtar i litríochtaí an domhain, litríocht na Gaeilge san áireamh, is ea an cairdeas. Ná habair go bhfuil an tréith sin á caitheamh amach faoi mar atá an oiread eile tréithe sin a thug dínit don duine?

An rud a thuar an Béal Feirsteach C. S. Lewis, tá sé tagtha i gcrích anois: “When people use the words “love” and “loving” in their language today we have to look twice and ask what they really mean. In short they are words suffering from serious abuse.”

Luaigh Lewis ceithre chineál grá – bhí an cairdeas daonna ar cheann amháin díobh seo. (B’iad na trí cinn eile ná: an gean, an grá earótach agus grá don Chruthaitheoir.)

Tá líon na ndaoine a bhreathnaíonn ar an gcairdeas mar earra só ag dul i dtreise na laethanta seo. Breathnaíonn siad ar an gcairdeas mar rud is féidir a chaitheamh i dtraipisí chomh luath is nach n-oireann sé dóibh a thuilleadh.

Deir na socheolaithe go bhfuil an claonadh seo sonrach i measc bhaill de na haicmí gairmiúla, go háirithe daoine sna 30í, daoine nach bhfuil toilteanach íobairtí a dhéanamh chun am fiúntach a chaitheamh lena gcairde.

Níos measa ná sin fós: cuireann daoine áirithe an ruaig ar chairde leo, go mór mór nuair nach bhfuil na daoine céanna úsáideach dóibh a thuilleadh ó thaobh oibre, ó thaobh idé-eolaíochta nó ó thaobh na proifisiúntachta de.

Soláthraíonn an cairdeas buntáistí móra don tsochaí i gcoitinne. Bhí sé amhlaidh riamh. Aon ghluaiseacht nó sibhialtacht thábhachtach a tháinig chun cinn, is bunaithe ar an gcairdeas a bhí sé ar dtús. Mar sin do na creidimh mhóra dhomhanda – ba nuair a tháinig grúpa cairde le chéile chun cúrsaí spioradáltachta a phlé a cuireadh bonn ceart leo.

Creidtear gur thosaigh disciplín na matamaitice nuair a tháinig grúpa beag cairde le chéile le labhairt faoi uimhreacha agus uillinneacha. Ar chlár faisnéise faoi iar-churadh domhanda na fichille, an Meiriceánach Bobby Fisher (RIP), taispeánadh nach raibh cairde ar bith ar an saol seo ag Bobby bocht – agus é go hóg, ach go háirithe – seachas iad siúd a bhí ag plé le réimse na fichille. Gan na cairde proifisiúnta sin, bheadh an fear bocht imithe le craobhacha ar fad agus é fós ina bhuachaill óg.

Chuala mé fear meánaosta ag labhairt thar ceann eagraíochta ar mhaithe le seanóirí na tíre an lá faoi dheireadh agus dúirt sé gurb í fadhb an uaignis an crá croí is mó ag daoine aosta inniu, seo in ainneoin na ngiorruithe géara i seirbhísí ospidéil, sna tithe altranais agus na ciorraithe nua a rinneadh orthu sa cháinaisnéis.

Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh fear óg faoi agallamh ar RTÉ mar chuid de chlár ar “speed dating” (nó geandáil ghasta) in Éirinn sa lá atá inniu ann. Fear láidir dathúil ab ea é agus gan aon easpa pearsantachta air. Cén fáth a raibh a leithéid siúd agus na mílte eile ag glacadh páirte sa chaitheamh aimsire nua seo?

D’fhreagair an fear an cheist go macánta. Bhí sé uaigneach agus bhí fonn air bualadh le cairde nua.