Lá eolais

TÁ CONRADH na Gaeilge agus an brúghrúpa, Guth na Gaeltachta, le lá eolais a reáchtáil i mBaile Átha Cliath seachtain ón lá inniu…

TÁ CONRADH na Gaeilge agus an brúghrúpa, Guth na Gaeltachta, le lá eolais a reáchtáil i mBaile Átha Cliath seachtain ón lá inniu.

D’eagraigh an dá eagras ócáid den sórt seo roimhe agus é mar chuspóir acu eolas a thabhairt do pholaiteoirí ar chúrsaí teanga.

Beidh straitéis 20 bliain na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, an Ghaeilge sa chóras oideachais agus forbairt gaelscoileanna ar an chlár le linn an lae a bheidh ar siúl in Óstán Buswells idir 8am agus 6pm.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, go raibh sé tábhachtach go mbeadh ionadaithe ó choistí pobail atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i láthair.

READ MORE

Ba mhó seans go léireodh polaiteoirí áitiúla spéis san ócáid agus a gcuid vótóirí féin ann. D’iarr sé ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an Chonradh lena bpáirt san ócáid a chinntiú.

* Eolas: 01-4757401 nó sine@cnag.ie