Mise Eire

Tá leagan DVD den scannán Mise Éire (€29.99) eisithe ag Gael-Linn den chéad uair

Tá leagan DVD den scannán Mise Éire (€29.99) eisithe ag Gael-Linn den chéad uair. Is sa bhliain 1959 a léiríodh Mise Éire agus tá sé ar cheann de na chéad scannáin lánfhada a rinneadh ar bhonn seanábhair nuachtscannáin agus ba é an chéad scannán lánfhada i nGaeilge é.

Pléann an scannán le stair na hÉireann idir blianta deireanacha an 19ú haois, Éirí Amach na Cásca agus 1918. Bhain an stiúrthóir George Morrisson úsáid as bunábhar de mhéid 300,000 troigh i ndéantús an scannáin.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin: "Ábhar léargais é Mise Éire ar chastacht a lán de na fadhbanna a bhí ann sa tréimhse sin. Tugtar suntas don bpáirt a ghlac an pobal féin i gcoranna na mblianta sin."