'Na chéad chéimeanna' tógtha ag RTÉ le polasaí teanga a fhorbairt

TÁ SÉ tugtha le fios ag Ardstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go bhfuil “na chéad chéimeanna” tógtha aige maidir le polasaí Gaeilge…

TÁ SÉ tugtha le fios ag Ardstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go bhfuil “na chéad chéimeanna” tógtha aige maidir le polasaí Gaeilge ar leith a fhorbairt don chraoltóir poiblí, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Níl aon pholasaí craoltóireachta ar leith don Ghaeilge ag an stáisiún faoi láthair, rud atá ag déanamh imní do bhaill cheardchumainn atá ag cur i gcoinne an atheagair atá beartaithe ag RTÉ ar a seirbhísí nuachta Gaeilge.

Thosaigh baill cheardchumainn i Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí ar dhréachtú a bpolasaí féin do thodhcaí na craoltóireachta Gaeilge.

Tugadh faoin obair seo mar chuid den chath atá á throid ag lucht na gceardchumann i gcoinne an atheagair atá á dhéanamh ag RTÉ ar a seirbhísí nuachta Gaeilge.

READ MORE

Tháinig geallúint ardstiúrthóir RTÉ maidir le ceapadh pholasaí Gaeilge don chraoltóir chun solais i litir a sheol Seamus Dooley, Rúnaí Éireannach an NUJ, chuig oibrithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite.

Sa litir sin, dhein Dooley cur síos ar chruinniú a bhí aige an tseachtain seo caite le Curran, cruinniú ag ar pléadh easpa pholasaí Ghaeilge an stáisiúin.

Dúirt Dooley gur léirigh Noel Curran dearcadh “fíordhearfach” faoi fhorbairt an pholasaí Ghaeilge don chraoltóir agus gur thug ardstiúrthóir RTÉ le fios “that he has already taken steps to address this gap”.

Thug Rúnaí Éireannach an NUJ le fios sa chomhfhreagras le baill foirne RTÉ RnaG gur chuir Curran in iúl dó go raibh sé ar son “internal and external consultation and debate” faoin gceist.

Dúradh le Dooley chomh maith go raibh cinneadh fós le déanamh ag RTÉ faoi fhoilsiú thuarascáil Fennell, athbhreithniú ar sholáthar Gaeilge RTÉ a d’ullmhaigh an comhairleoir cumarsáide Cillian Fennell don stáisiún.

Moltar sa tuarascáil sin go bhforbródh RTÉ polasaí don chraoltóireacht trí Ghaeilge.

Tá moltaí á lorg faoi láthair ó lucht bainistíochta faoina bhfuil i dtuarascáil Fennell agus tá an tuarascáil feicthe chomh maith ag bord RTÉ.

Idir an dá linn, tá seasamh láidir á thógaint ag na ceardchumainn i Nuacht TG4 agus RTÉ RnaG i gcoinne na n-athruithe atá le déanamh ag RTÉ ar a seirbhísí nuachta Gaeilge.

Faoin atheagar a fógraíodh i mí Lúnasa, beidh Nuacht, nó Nuacht TG4, ag soláthar na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge do RnaG, RTÉ Raidió a hAon, 2FM agus Lyric Fm.

Beidh ceathrar clár reachtairí ag aistriú ó RnaG go Nuacht TG4 chun obair ar an tseirbhís raidió nua agus beidh ar iriseoirí teilifíse tuairiscí raidió a sholáthar do chláracha éagsúla ar RnaG.

Bunófar seribhís nuachta nua ar líne agus beidh ar iriseoirí Nuacht TG4/RnaG feidhmiú mar “iriseoirí ilmheáin”.

I ráiteas a d’eisigh foireann RnaG nuair a fógraíodh an t-atheagar dúradh gur “masla” agus “ísliú céime” do RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ann.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times