Na rudai beaga

Beocheist: Both sides share the blame for the North's latest crisis and responsibility for rectifying it, writes Seán Ó hÉalaí…

Beocheist: Both sides share the blame for the North's latest crisis and responsibility for rectifying it, writes Seán Ó hÉalaí

Ba é an t-iarThaoiseach Albert Reynolds, más buan mo chuimhne, a dúirt gur chóir súil a choinneáil ar na "rudaí beaga". Sa deireadh thiar is iad sin na nithe a thabharfaidh an trioblóid is mó do cheannaire. Is mar chaoineadh ar a imeacht féin as post an Taoisigh de bharr an scannail mar gheall ar an Athair Brendan Smyth a dúirt sé an méid sin.

D'fhéadfá ceol a chur leis sin an tseachtain seo agus dúnadh síos an Fheidhmeannais ó thuaidh. Cúpla seachtain ó shin, mheas Rialtas na hÉireann agus gach duine eile go raibh ar a laghad dhá mhí acu chun an bhagairt is deireanaí ar an bhFeidhmeannas a réiteach - bagairt nua David Trimble go mbeadh seisean agus a chomhleacaithe ag éirí as i mí Eanáir. Ba bheag a shíl duine ar bith go dtiocfadh rud éigin aníos as tóin Stormont chun an dá mhí sin a ghearradh go dtí dhá sheachtain.

Ach is mar sin a bhíonn agus a bhíodh saol na polaitíochta faoin bhFeidhmeannas corrach seo. Bhíothas ag mairstin ó ghéarchéim go géarchéim, ag fanacht leis an chéad suaitheadh eile, ag breathnú ar an dá mhadadh ag drannadh thart timpeall ar a chéile.

READ MORE

Róshimplí a bheadh sé dul siar ar an stair agus an milleán a chur ar thaobh amháin nó ar thaobh eile. Deich lá ó shin bhí an chuma ar an scéal gurb ar Trimble agus a pháirtí a bheadh an locht.

Má chruthaítear go bhfuil bunús leis na cúiseanna atá curtha i leith Shinn Féin go raibh spiaireacht pholaitiúil nó eile ar siúl acu is ar an bpáirtí sin a thitfidh an milleán.

B'fhéidir, áfach, go raibh daoine ag súil leis an iomarca as Comhaontú Aoine an Chéasta. An gcreideann éinne, mar shampla, gurbh fhéidir deireadh ar fad a chur leis an IRA taobh istigh de thréimhse ghearr blianta? An píce sa tuí, a mhic ó!

Maidir leis na haontachtaithe, rinne David Trimble agus a lucht leanúna iarracht mhacánta ar dtús glacadh le Sinn Féin mar leathbhádóirí rialtais agus ba chóir a aithint nach bhfuair siad an chabhair a bhí tuillte acu ón IRA.

Ach de bharr Jeffrey Donaldson agus an ghrúpa taobh istigh den bpáirtí nár ghlac riamh leis an Chomhaontú, cuireadh brú arís agus arís eile ar Trimble go dtí gur brúdh isteach i gcúinne é.

Sa deireadh, bhí siad ar a ngogaidí in aice leis an DUP ag fanacht le tús an ráis chun an dorais.

Nuair a tháinig víreas na mímhuiníne isteach sa gcorp polaitiúil ag creimeadh a raibh de dhea-thoil ann, is beag an seans go dtiocfadh an t-othar slán as.

Agus anois tá mian a gcroí ag na haontachtaithe sin a bhí in aghaidh an Chomhaontaithe. Ach b'fhéidir gur chóir dóibh cuimhneamh ar an sean-nath: "Bí curámach faoin rud a shantaíonn tú...ar eagla go bhfaighidh tú é."

FUAIR polaiteoirí an UUP agus an DUP blas ar chumhacht sa tréimhse rialtais a bhí acu agus is deacair dearmad a dhéanamh ar an mblas sin.

Riail dhíreach atá amach rompu anois ach amháin nach riail na Breataine amháin a bheidh ann. Maryfield agus maisiú air a rialóidh an Tuaisceart as seo go ceann tamaill - is dócha go dtí an chéad toghchán eile ó thuaidh.

Mar is é fírinne lom an scéil é go bhfeictear don dá rialtas agus do dhuine ar bith a bhí ag coinneáil súil ar an scéal nach bhfuil cuid de na páirtithe réidh fós le cumhacht a roinnt. Tabharfaidh sos sé mhí nó mar sin seans do Shinn Féin athmhachnamh a dhéanamh ar a ndearcadh siúd faoin mbord póilíneachta agus rudaí eile. Beidh deis freisin na haontachtaithe a shocrú cén ceannaire atá uathu dáiríre agus, dá réir, cad iad na coinníollacha faoina dtiocfaidh siad ar ais isteach i rialtas arís.

Ach, beidh sé soiléir don dall agus do lucht tacaíochta Jeffrey Donaldson gan mhoill nach bhfuil sé chomh simplí sin réiteach a dhéanamh den gComhaontú mallaithe. I bhfocail a d'aithneodh sé: "It hasn't gone away, you know."

Is féidir leis na polaiteoirí ar fad dul ar saoire anois go ceann sé mhí ar an €29,000 a íocfar leo agus déanfaidh dornán beag státseirbhíseach an jab.

Cé a thabharfadh faoi deara nach bhfuil siad ann?