Ni fiu riail gan chiall - na histeire leis

Má fheicim na focail an Tiarna Laird, Diarmuid Doyle agus an Ghaeilge le chéile i dtuairisc nuachtáin, molaim dom féin an páipéar…

Má fheicim na focail an Tiarna Laird, Diarmuid Doyle agus an Ghaeilge le chéile i dtuairisc nuachtáin, molaim dom féin an páipéar a chur uaim, stánadh ar an bhalla agus mo scíth a ligean. Faraor, ní bhíonn ciall agam a leithéid a dhéanamh. Léim agus tagann mearbhall orm.

Bhris Nuacht TG4 scéal an tseachtain seo caite gur theip ar lánúin ó Thuaisceart Éireann árasán a cheannach ar an Spidéal de bharr gur mheas comhairle contae na Gaillimhe nach raibh go leor Gaeilge acu.

Thug an Tiarna Laird le fios go raibh cearta na beirte á sárú agus throidfeadh sé a gcás an bealach ar fad go Cúirt na hEorpa dá mba ghá.

Ba é tuairim Dhiarmuid Doyle ar an Sunday Tribune gur "ethnic cleansing" a bhí ar siúl agus ba mhór an náire go raibh cosc a chur ar dhaoine cónaí sa Ghaeltacht, go háirithe daoine a bhí báúil le cultúr an cheantair.

READ MORE

Fan go bhfeice mé: tá an Tiarna Laird, aontachtaí, imníoch nach bhfuil deis ag daoine Gaeilge a labhairt sa Ghaeltacht agus creideann Doyle gurb ionann teip i gcomhrá agus "ethnic cleansing", is é sin, daoine a thabhairt amach, a lámha a cheangal taobh thiar dá ndroim agus piléar a chur iontu.

(Dá dtabharfá rogha do thaibhsí Moslamacha Bhoisnia idir cinedhíothú agus scrúdú béil, cad é a roghnódh siad?)

Níl gné ar bith de phleanáil teanga nach mbíonn conspóid nó deacracht ag baint léi - ach is iad lucht na Gaeilge amháin a phléann na deacrachtaí sin go leanúnach tuigseach agus, cinnte, go géar in amanna.

Chuirfeadh sé imní ar gach duine mura mbeadh cead ag daoine cónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht de bharr gur mheas feidhmeannaigh comhairle nach raibh a gcuid Gaeilge "maith".

Cad is Gaeilge mhaith ann sa lá atá inniu agus tuiseal i ndiaidh tuisil ag titim as a chéile? Cén tslat tomhais a leagann muid síos do Ghaeilge mhaith? Is ceisteanna dlisteanacha iad sin agus caithfear freagra a thabhairt orthu.

Léiríonn taithí na mblianta rud amháin - ní fiú riail gan chiall. Ní chuidíonn a leithéid le cás na teanga. Ní fiú, ach an oiread, gan iarracht a dhéanamh rialacha a dhréachtú agus a chur i gcrích ar mhaithe le buanú teanga.

Ní dócha go n-éireoidh Doyle ná an Trib ró-imníoch faoin chuid sin den Acht Pleanála nach gcuirfear i bhfeidhm - mar a tuairiscíodh ar Foinse na seachtaine seo.

Agus ní doiligh bheith ciniciúil faoi chaint Laird. Níor chuir baill Pháirtí Aontachtaithe Uladh mórán speise i gcearta cainteoirí Gaeilge (ná i gcearta cainteoirí eile) i dTuaisceart Éireann rómhinic. (Bhí, cinnte, correisceacht ann.)

Gnó dáiríre é pleanáil teanga agus a thuairim féin ag gach duine ina taobh - ach pléimis ar bhealach dáiríre í.

Ní chuireann histéire leis an phlé.