Paidir agus ni poipin a chuirim lena anam

Mí na Samhna, mí na marbh. Cuireann an pobal Caitliceach tús leis an mhí le hAifreann

Mí na Samhna, mí na marbh. Cuireann an pobal Caitliceach tús leis an mhí le hAifreann. Tugann an searmanas deis don phobal cuimhneamh orthu sin atá imithe ar shlí na fírinne agus deis chun machnaimh ar an seal beag gairid a chaitheann muid uilig ar an domhan seo.

Beidh searmanais eile chuimhneacháin in Éirinn agus sa Bhreatain an deireadh seachtaine seo, searmanais a bhaineann le mairbh na gcogaí domhanda ach go háirithe.

Is é ceann de na nithe is aistí faoin scolaíocht Chaitliceach a chuir na Bráithre Críostaí ormsa i mBéal Feirste go raibh an Ghaeilge agus filíocht Bhéarla Wilfred Owen ar an siollabas céanna.

Chaith mé Cáisc bhliain mo scrúdaithe O-leibhéal i nGaeltacht Dhún na nGall ag ullmhú do scrúdú béil agus ag foghlaim dánta Owen de ghlanmheabhair. File a bhí in Owen agus oifigeach in arm na Breataine. Maraíodh é agus an Cogadh Mór ag teacht chun deiridh.

READ MORE

Maireann a ainm agus a spiorad ina chuid dánta. An té a léann Owen, tuigeann sé gan a mhuinín a chur i nginearáil nó sna polaiteoirí a cheapann iad. Tuigeann sé go n-éilíonn an tírghrá gan srian praghas ró-ard ar cholainn agus ar chéill an tsaighdiúra agus, gan amhras, ar an phobal.

Tugann sé léargas ar chuid an ghnáthshaighdiúra i gcogadh, go díreach mar a thug Norman Mailer ina úrséal, The Naked and the Dead, faoin Dara Cogadh Domhanda agus mar a rinne údair eile Mheiriceánacha faoin chogadh i Vítneam.

Scríobh mé roimhe seo faoi mo shean-uncail as Dún na nGall, James Murray, a maraíodh sa Chogadh Mór. (Níorbh eol dom go raibh Owen ag tagairt dó ina chuid filíochta.) Taibhse a bhí ann mar James. Bhí an t-ádh orm go raibh deis agam dul anonn chun na Fraince le Léargas RTÉ agus James a lorg. Níl uaigh aige ach tá a ainm greannta ar chuimhneachán cogaidh ar an Somme.

An t-am a raibh mé ann, bhí ionradh na hIaráice go díreach ag tosú. D'éist mise agus an criú teilifíse le tuairiscí ón Iaráic. Bhí na ginearáil, agus na polaiteoirí a cheap iad, muiníneach nach mairfeadh an troid i bhfad.

Bhí caint ar an ionsaí a rinne arm na Breataine ar Bhasra agus bhí a fhios againn gur maraíodh Conallaigh sa cheantar céanna le linn an Chogaidh Mhóir. Ní raibh aird á tabhairt ar líon na nIaráiceach a bhí ag fáil bháis. Is amhlaidh an scéal inniu féin, cúpla bliain níos faide anonn.

Bláthaíonn na poipíní an t-am seo bliana; bíonn siad le feiceáil ar fhir, ar mhná agus ar iriseoirí, más aisteach le rá é. Tá Tony Blair agus aire cosanta na Breataine Geoff Hoon á gcaitheamh.Leagfaidh siad bláthfhleasca. Is ceart go léireodh siad ómós do na mairbh; is náireach go bhfuil siad ag cur lena líon.

Ní chuirfeadh iompar na beirte fonn ar dhuine ar bith poipín a chaitheamh san Eoraip seo an bhunreachta nua.

Agus daoine ag ullmhú do na searmanais, tá arm na Breataine ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe Falluja a leagan chun talaimh. Is ionann cás na hIaráice agus cás na Beilge tá 90 bliain ó shin ag Tony Blair - ach amháin go bhfuil an stair droim ar ais aige. Déanfar púdar de dhaoine mar a rinneadh púdar de James Murray agus de mórán eile dá chineál. Tá bláthanna dearga ag fás sa ghaineamhlach inniu.

Ní bheidh mise i láthair ag searmanas oifigiúil; ní chaithfidh mé poipín ach cuirfidh mé paidir le hanam James agus lena chineál amárach; an t-aonú lá dhéag den aonú mí dhéag. Is é an tríú bealach é - le béarlagair Blair a thabhairt air.